Roinnt grianghraif ó na réamhbhabhtaí den damhsa ar an sean-nós (Daoine Fásta) ag Oireachtas 07. Is féidir leis na daoine sin gluaiseacht!Ó Oireachtas 07
An Blag de chuid Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Roinnt grianghraif ó na réamhbhabhtaí den damhsa ar an sean-nós (Daoine Fásta) ag Oireachtas 07. Is féidir leis na daoine sin gluaiseacht!
![]() |
| Ó Oireachtas 07 |

Níl aon amhras faoi dhíogracht coistí Bailte Slachtmhara fud fad na tíre: tá torthaí a gcuid oibre le feiceáil i ngach baile ó Leitir Ceanainn go dtí an tSnaidhm. Nach cliste an rud an díograis agus bród seo a tharraingt i dtreo na Gaeilge agus an uathúileacht a dtugann sí dár dtimpeallacht. The Mayo News - Tidy Towns: "The Bilingual Society award, under the National Special Award, acknowledges the promotion of the Irish language within the community. Huge efforts were made to encourage businesses and services to operate a bilingual policy. "This was always an element of the Tidy Towns and we are particularly pleased to have been chosen for it. Huge efforts have been made to put up both Irish and English signs around the town and it is fantastic to see businesses and services encouraging the use of the Irish language," said Eithne." Treaslaíonn an Chomhdháil le Cathair na Mart go háirithe agus iad ag oscailt a ndoirse do sluaite an Oireachtais ag tús mí na Samhna.
An Lúnasa seo chaite d'fhoilsigh Údaráis Áitiúla an Chláir a scéim teanga (PDF) faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Níl mórán comhlacht poiblí a bhfaigheadh níos mó ná 10 aighneachtaí agus iad ag ullmhú dréacht scéim. Tá níos lú arís a bhfaigheadh 30. (Tá na staitisticí seo bunaithe ar an eolas a mbíonn sna scéimeanna féin.) Fuair Comhairle Chontae an Chláir 73 aighneacht! Trí scór is trí aighneacht déag! Sin ráite (agus is féidir tuilleadh a léamh faoi seo ar leathanach 7 den scéim) rinneadar cinnte go mbeadh an pobal ar an eolas faoin scéim trí cruinnithe poiblí a eagraú, foirmeacha aiseolais a chur ar fáil go fairsing agus ní amháin moltaí a gcustaiméairí seachtracha a lorg ach moltaí a gcustaiméairí inmheánacha a lorg leis.Ábhar iontais dom Comhdháil Náísiúnta na Gaeilge a bheith cáinte in eagarfhocal Lá Nua 18 Iúil toisc go bhfuil muid - mar lárchomhairle 23 eagras deonach Gaeilge - ag seasamh an fhóid maidir le feidhmiú iomlán Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas.
Más "dearcadh stálaithe seanfhaiseanta" atá léirithe againn san obair seo, níor mhaith liom an léirmheas a ndéanfaí orainn dá dtabharfadh muid droim láimhe le feidhmiú an Achta a shamhlú!Molann Lá Nua éirí as fógraí Gaeilge sna meáin Bhéarla - rud ab ionann i gcoitinne agus an Ghaeilge a ruaigeadh ar fad as a bhformhór - agus gur sna meáin Ghaeilge amháín a bheadh fógraíocht trí Ghaeilge.
Céard faoi sin mar bhealach chuig normalú na teanga - an Ghaeilge a chúngú isteach ina 'ghetto' beag féin? Agus táimid ag iarraidh ag an am céanna ar gach rannóg den Státchóras seirbhís iomlán Ghaeilge a chur ar fáíl dúinn; ní thagann atá molta ag Lá Nua leis an aidhm sin. Ba mhaith linn uilig nach gcuirfí airgead Stáit amú agus aontaimid nach bhfuil a leordhóthain á chaitheamh ar an dóigh ceart ar athréímniú na Gaeilge. Tacaímid uilig le mian Lá Nua agus na meáin Ghaeilge eile go bhfaighidis sciar níos fearr den airgead atá le caitheamh ag an Stát ar fhograí ach níl ciall lena atá molta san eagarfhocal seo.
Tagrann an t-eagarfhocal do na meáin Bhéarla "a bhíonn de shíor ag ionsaí phobal na Gaeilge faoi stádas na teanga" ach tagann go leor soncanna freisin ó na meáin Ghaeilge ar uaire agus ní miste sin ar mhaithe le díospóireacht agus daonlathas - agus, ar ndóigh, ainilís chiallmhar a dhéanamh ar na "hEilifint Bhána" uilig.
Beir bua
P T Mac Ruairí
Uachtarán
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
out here in front of a tiny audience
of halfhearted seals applauding
Ní féidir argóint leis sin!"Caithfear anailís a dhéanamh ar áit na Gaeilge i saol an ghasúir, agus ar na bealaí a mhéadófaí ar thábhacht na Gaeilge dó. Cuirimis an cheist orainn féin, cén fáth an bhfoghlaimeodh Éireannach (óg nó aosta) teanga?
Cén fáth an gcuirfeadh Éireannach dua air an teanga sin a fhoghlaim go maith? Más féidir saol iomlán Éireannach a chaitheamh trí Bhéarla, cén chúis a bheadh ag duine le Gaeilge in aon chor? Níl aon chúis ann, muna bhfuil nithe ar fáil sa teanga sin nach bhfuil ar fáil i mBéarla.
Agus cad iad na nithe san? Is cinnte go bhfuil saibhreas sa Ghaeilge a bhaineann go dlúth le hÉirinn nach bhfuil ar fáil (fós) i mBéarla. Tá na hamhráin ann, agus is beag baile beag in Éirinn nach bhfuil luaite in amhrán éigin.
Tá na seanscéalta ann, scéalta as an tseanlitríocht (an Rúraíocht, an Fhianaíocht, Scéalta na Ríthe, agus mar sin de) agus scéalta béaloidis. Arís, is beag baile beag in Éirinn nach bhfuil luaite i scéal éigin. Agus sin é ár mbua: is í an Ghaeilge seanteanga bhunaidh na hÉireann, is inti atá cur síos le fáil ar ár stair, ar ár muintir, ar ainmneacha ár mbailte, ár n-aibhneacha is ár sléibhte. Is í bunteanga na tíre seo í." Ó Lá 29.06.2007
Ar dheas beirt de na cuntóirí teagasc na Gaeilge a bhfuil scoláireachtaí Fulbright faighte acu agus a mbeidh ag gabháil go dtí na Stáit Aontaithe chun Gaeilge a mhúineadh. Is ball foirne den Chomhdháil í Sinéad Ní Mhaoilmhichíl (sa ghúna dearg). Tá sí ag tabhairt aghaidh ar Carbondale, Illinois sa bhFómhar. Ambassador Foley Joins Fulbright Alumni to Celebrate 50 Years: Dublin Castle, June 8, 2007 - U.S. Embassy Dublin, Ireland
Is í Mairéad eagarthóir coimisiúnaithe ar chláir Ghaeilge, oideachasúla agus ilchultúir in RTÉ. Is í a bhunaigh "Léargas" agus bhí sí ina léiritheoir sraithe ar an tsraith fáisnéise Ghaeilge sin, a cheiliúir deich mbliana ar an aer i mbliana. Tá cláir shiamsaíochta agus cláir eile fáisnéise léirithe aici chomh maith i mBéarla agus i nGaeilge. Mar chuid dá cúram cláir a sholáthar gach bliain do TG4, tá sraitheanna ar nós "An Tuath Nua," "Bean an Ti," "Bia 's Bóthar," "Ardán" agus go leor clár eile curtha ar fáil, lena n-áirítear cúrsaí reatha, cláir spóirt, cláir irise agus cláir do leanaí. Ba í freisin a choimisúnaigh cláir ilchultúir faoi Éireannaigh nua agus cláir oideachais do RTÉ, mar shampla "Turas Teanga," "Families in Trouble," "Mono," "Who's Afraid of Islam?" agus "No Place Like Home."
Is as Bealach an Doirín, Co. Ros Comáin í ó thús agus bhí cónaí uirthi tar éis na hollsoile i nGaillimh, áit a raibh sí ina comhalta de lucht bunaithe an Druid Theatre agus ina haisteoir leis an Taibhdhearc. Nuair a bhí sí in OÉ Gaillimh (Coláiste na hOllscoile, Gaillimh ag an am), bhí sí ar dhuine de na chéad reachtairí mná ar an gCumann Liteartha agus Díospóireachta (Lit and Deb).
I mBaile Átha Cliath atá sí anois ach choinnigh sí an tsnaidhm leis na healaíona i nGaillimh, trína ballraíocht i mBord Macnas, agus tá sí ina ball freisin de Bhord Feidhmiúcháin an Celtic Film and Television Company.
Ní raibh mé i bhfad ag obair i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge nuair a reachtáladh Tóstal na Gaeilge 2002: Cearta Phobal na Gaeilge agus Olltoghchán 2002 ach ag an am agus ó shin chuaigh sé i bhfeidhm orm cé chomh éifeachtach is a bhí cur chuige na Comhdhála agus pobal na Gaeilge nuair a d'aontaigh siad na héilimh is mó a bhí acu ar na hiarrthóirí toghcháin. Scríobh stiúrthóir gníomhach na Comhdhála, Pádraig Ó Ceithearnaigh an t-alt seo a leanas mar athbhreithniú ar na nithe a bhaineadh amach de bharr éilimh phobal na Gaeilge. Foilsíodh ar Beo.ie é agus tá sé le léamh in Irish Times an lae inniu freisin.
Tacaigh le Pobal na Gaeilge sa Tuaisceart
Agus eolas á bhailiú faoina bpáirtithe polaitiúla uile, thug mé cuairt ar a suíomhanna idirlíne féachaint an raibh polasaí i leith na Gaeilge foilsithe acu ar a suíomhanna. B'fhiú bheith cinnte go bhfuil tuiscint maith againn ar meonta na bpolaiteoirí ar an 27ú. (Bhí mé ar tí meon a scríobh ach sin an uimhir uatha... :D)
Agus an bhfuil suíomh athchóirithe an Oireachtais feicthe agaibh? An-snasta agus lán go pléascadh le fís agus fuaim. Tá mé ar sceitimíní cheana féin...!



Tá comhdháíl lae á n-eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, lárchomhairle phobal na Gaeilge chun éisteacht a thabhairt d'éilimh phobal na Gaeilge roimh Olltoghchán 2007. Beidh an chomhdháil seo ar siúl in Óstán Alexander, BÁC 2, 27.02.2007 ag tosú ag 9.15.