Dé Máirt, Iúil 10, 2007

Bunteanga na tíre

Tharraing stiúrthóir gníomhach na Comhdhála, Pádraig Ó Ceithearnaigh m'aird ar alt i Lá na seachtaine seo chaite. Tuigim go maith an tuairim thíos tar éis mír faoina logainmneacha i mBaile Átha Cliath a léiriú ar Raidió na Life ag tús an bliana.

"Caithfear anailís a dhéanamh ar áit na Gaeilge i saol an ghasúir, agus ar na bealaí a mhéadófaí ar thábhacht na Gaeilge dó. Cuirimis an cheist orainn féin, cén fáth an bhfoghlaimeodh Éireannach (óg nó aosta) teanga?
Cén fáth an gcuirfeadh Éireannach dua air an teanga sin a fhoghlaim go maith? Más féidir saol iomlán Éireannach a chaitheamh trí Bhéarla, cén chúis a bheadh ag duine le Gaeilge in aon chor? Níl aon chúis ann, muna bhfuil nithe ar fáil sa teanga sin nach bhfuil ar fáil i mBéarla.
Agus cad iad na nithe san? Is cinnte go bhfuil saibhreas sa Ghaeilge a bhaineann go dlúth le hÉirinn nach bhfuil ar fáil (fós) i mBéarla. Tá na hamhráin ann, agus is beag baile beag in Éirinn nach bhfuil luaite in amhrán éigin.
Tá na seanscéalta ann, scéalta as an tseanlitríocht (an Rúraíocht, an Fhianaíocht, Scéalta na Ríthe, agus mar sin de) agus scéalta béaloidis. Arís, is beag baile beag in Éirinn nach bhfuil luaite i scéal éigin. Agus sin é ár mbua: is í an Ghaeilge seanteanga bhunaidh na hÉireann, is inti atá cur síos le fáil ar ár stair, ar ár muintir, ar ainmneacha ár mbailte, ár n-aibhneacha is ár sléibhte. Is í bunteanga na tíre seo í." Ó Lá 29.06.2007

Ní féidir argóint leis sin!

No comments: