Dé Céadaoin, Meán Fómhair 17, 2008

Grúpa Éireannach le File, Ceoltóir agus Amhránaí ar chamchuairt timpeall Gharbhchríocha na hAlban.



Rachaidh file, ceoltóir agus amhránaí sean-nóis ar chamchuairt timpeall na hAlban an tseachtain seo chugainn mar chuid de Thuras na bhFilí 2008.

Beidh an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh, an t-amhránaí Mairéad Ní Fhlátharta, agus an ceoltóir Con Durham ag tabhairt aghaidh ar Gharbhchríocha na hAlban, mar chuid den mhalartú cultúrtha seo, atá á eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhair le Comhairle nan Leabhraichean.

Ciarraíoch í Ailbhe Ní Ghearbhuigh, a bhain céim sa Ghaeilge agus sa bhFraincís amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit ar bhain sí MA sa Nua Ghaeilge amach chomh maith. Bronnadh Gradam Fulbright ar Ailbhe sa bhliain 2007, agus chaith sí bliain ag múineadh Gaeilge i Nua-Eabhrac. Bhronn An Chomhairle Ealaíon sparánacht ar Ailbhe i mbliana chun díriú ar a cuid filíochta. Tá dánta léi foilsithe sna hiris: An Guth, Feasta, Crannóg agus Poetry Ireland Review. Tá a céad cnuasach filíochta Péacadh, le fáil anois ó Choiscéim.

Is as Baile Átha Cliath de Con Durham, ach tá sé ina chónaí i gCiarraí le os cionn 30 bliain anois. Bhain Con Durham an chéad áit amach i gcomórtas an Oireachtais sa bhliain 1990, agus é ag casadh an phíb uilleann.

Is amhránaí sean-nóis ón Spidéal í Mairéad Ní Fhlátharta, atá mar mhúinteoir bunscoile anois i Rath Cairn Co. na Mí. Thosaigh sí ag casadh nuair a bhí sí seacht mbliana d'aois, nuair a thosaigh sí ranganna de chuid an Ghaelacadaimh sa Spidéal faoi stiúir Pat Phadraic Tom Ó Conghaile agus Peaitsaí Ó Ceannabháin. Is iomaí duais atá bainte amach ag Mairéad ó thug sí a haghaidh ar a céad Oireachtas i nGaillimh i 1993. Ina measc seo tá Corn Dharach Uí Chatháin, Corn Sheosamh Ó hÉanaigh, Corn Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama, Comórtas na mBan agus an dara háit i gCorn Uí Riada nuair a bhí sí 18. Tá Mairéad ag freastal ar Ollscoil Luimnigh faoi láthair ag staidéar do chéim mháistreachta sa cheol traidisiúnta, ag díriú ar an amhránaíocht agus stíleanna éagsúla sean-nóis mar phríomhchuid den chúrsa.

Is scéim cheilteach sheanbhunaithe thábhachtach í Turas na bhFilí, atá ar siúl i mbliana ón 22-28 Meán Fómhair. Tá meas mór ag muintir na Gaeilge agus na Gàidhlige ar Thuras na bhFilí, go háirithe ag filí, ceoltóirí, agus amhránaithe ón dá thraidisiún atá fite fuaite lena chéile.

I measc na bhfilí agus na gceoltóirí Éireannacha a chuaigh ar an gcuairt go hAlbain roimhe seo, bhí Máirtín Ó Direáin, Caitlín Maude, Colm Breathnach, Louis de Paor, Máiréad Ní Mhaonaigh, Seosamh Mac an Iomaire, Lasairfhíona Ní Chonaola, Bríd Ní Mhóráin agus Cathal Ó Searcaigh.

Eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Turas na bhFilí i gcomhair le Comhairle Nan Leabhraichean le cúnamh airgid ó Fhoras na Gaeilge.

Tá tuilleadh eolais faoi Thuras na bhFilí le fáil ar http://www.gaelport.com/, nó is féidir dul i dteagmháil le Síle Ní Chatháin, ag 01 679 4780, nó sile@comhdhail.ie