Dé Máirt, Feabhra 27, 2007

Seisiún na bPolaiteoirí ar tí tosnú

Tá líon mór daoine sa mbreis tar éis buaileadh isteach go dtí' Óstán Alexander do Seisiún na bPolaiteoirí. Nó an é an lón atá á mhealladh?!

Stádas na Gaeilge agus An Ghaeilge sa Phobal

Lorcán Mac Gabhann, Glór na nGael, Riachtanais phobail

Ní comórtas naísiúnta amháín atá i gceist le Glór na nGael: is coistí atá ag feidhmiú ar bhonn deonach chun an Ghaeilge a cothú go háitiúil. Bíonn meascán leathan de imeachtaí agus tionscnaimh curtha ar siúl ag na coistí seo.

An bhfuil sé realaíoch go mbeidh na coistí seo ag feidhmiú gan tacaíocht? Gan an obair dheonach seo ní bheadh Gaeilge chomh fairsing ach gan tacaíocht lán-aimseartha atá maoinithe i gceart conas is féidir leo tionchar a imirt ar chomlachtaí agus eagraíochtaí eile AGUS ábhar agus imeachtaí a chur ar fáil don bhfoghlaimeoir agus cainteoir Gaeilge.

Ní leor na hacmhainní atá curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge do scéimeanna pobail.
Caithfear tacaíocht airgid ceart a chur ar fáil do na coistí bunaithe scoileanna nua. Tá an eagla ann go mbeidh monaplacht ag na coistí gairmoideachais ar scolaíocht iarbhunscoile agus ní féidir leis na coistí beaga gabháil in iomaíocht leo.

Helen Ó Murchú, Cathaoirleach
Go gcuirfí brú ar rialtas na Breataine glacadh le Comhaontas Cill Rímhín
Chuir an cathaoirleach ceist ar na toscairí an bhfuil siad sásta tacú le moltaí POBAL faoi Acht Teanga don tuaisceart agus dúradh go raibh.

Stádas na Gaeilge agus An Ghaeilge sa Phobal

Donncha Ó hÉallaithe, Airdeall - An Ghaeilge agus Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht

Léargas ar staid na Gaeilge sna Gaeltachtaí agus na breacghaeltachtaí.
Má thiteann líon na gcainteoirí faoi 70% deireann na saineolaí má shroicheann sé an léibhéal seo, titeann sé in iomlán. Idir 1996 agus 2000 tharla sleamhnú suantasach i nGaeltachtaí Conamara agus Tír Chonaill. Caithfear súil a choiméad ar léibhéal na Gaeilge go háirithe nuair atá tógáil eastát tithíochta molta i gceantar
Conas is féidir an Ghaeilge a chosaint?
  • Reachtaíocht
  • Cur i bhfeidhm na reachtaíochta (go háirithe ag an údarás áitiúl - m.sh. tá forálacha teanga ag Comhairle Chontae na Gailimhe ach tá amhras air an bhfuil siad a chur i bhfeidhm.)
Éilimh Airdeall
  1. Treoirlínte bunaith ar an Acht Pleanála
  2. Teorann na Gaeltachta a shocrú
  3. Polasaí dearfach a mhealladh na geallsealbhóirí uile
  4. Údarás Pleanála don Ghaeltacht
  5. Áisínteacht Timpeallacht Teanga don Ghaeilge

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais

Bríd Uí Lubhaing, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.

Tá treoir de dhíth ó ionad lárnach. Tá tacaíoht de dhíth ní amháin do na Gaeltachta láidir ach na Gaeltachtaí atá níos laige.
Caithfear tacú le hionad náisiúnta ar son na Gaeilge i mBaile Bhúirne agus sin príomh-éileamh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais

Múineadh na Gaeilge inár Scoileanna curtha i láthair ag Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge

Rinne siad plé le na sprioc ghrúpaí uile: daltaí scoile, múinteoirí, tuismitheoir, saineolaí srl. Is polasaí comhtháite atá ann toisc go bhfuil gach rud fite-fuaite le chéile. Is féidir an polasaí in iomlán ar fáil ag www.cnag.ie. Tá tacaíocht léirithe ag an-chuid grúpaí óige leis an bpolasaí seo. Tá an Chomhaontas Glas ag tacú leis an bpolasaí cheana féin.

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais

Eílimh Forbairt Naionraí Teo. curtha i láthair ag Clíona Frost

  • Bliain réamhscoile
  • Seirbhísí chúram leanaí trí Ghaeilge
  • Cúntóirí teanga
  • Polasaithe agus cláir chúram leanaí
  • Ardchaighdéan tacaíochta
  • Oiliúint agus forbairt ghairmiúil
  • Polasaí maoinithe

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais

Cathaoirleach: Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach, COGG.
Cainteoirí: Bláthnaid Ní Ghréacháin, Gaelscoileanna; Clíona Frost, Forbairt Naíonraí Teo; Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge; Seán Ó Coinn, Comhairle na Gaelscolaíochta; Bríd Uí Lubhaing, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.

Príomh-éilimh Gaelscoileanna Teo. curtha i láthair ag Bláthnaid Ní Ghréacháin
  • Soláthar cuí do Chóiríocht
  • Polasaí Comhaontaithe an tumoideahais
  • Ionad Náisiúnta Oideachais
  • Oiliúnt Mhúinteoirí
  • Soláthar Acmhainní
  • Leanúnachas ó Leibhéal go Leibhéal & Cás na nAonad
  • Deontais scoileanna
Bunús na n-éileamh
  • Sochaí dhátheangach
  • Mórphobail labhartha na Gaeilge
  • Scoilphobal
  • Aistriú ó ghlún go glún
  • Sároideachas trí Ghaeilge

Réidh le tosú

Tá an halla ag líonadh suas, tá na cainteoirí anseo agus táimse réidh le blogáil. Bígí ag déanamh tráchtaireachta má ritheann aon ní libh.

Dé Luain, Feabhra 26, 2007

An tAonad Aistriúcháin ag treisiú

Financial Mirror: "DGT has established an Irish language translation unit and launched an inter-institutional recruitment competition in 2006. The responsibility of translating the rest of the acquis into Irish lies with the Irish government.
Irish translation will start in DGT with a team of five translators. Recruitment is a big challenge as the translator market is limited and the Irish authorities also need recruits. Nevertheless, on 1 January 2007 one translator, one assistant and one manager were in place. A second translator started at the beginning of February while a third should start work soon. It is expected that the final two translators will be in place within the next few months, at which time the unit will be up to full strength.
The competition for Irish-language translators yielded 19 successful candidates on the reserve list."

ElectricNews.net:News:'Quiet revolution' stirring in e-government

ElectricNews.net:News:'Quiet revolution' stirring in e-government: "Waterford City Council won the Irish Language award "

Dé Céadaoin, Feabhra 21, 2007

Na nithe atá bainte amach

Ní raibh mé i bhfad ag obair i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge nuair a reachtáladh Tóstal na Gaeilge 2002: Cearta Phobal na Gaeilge agus Olltoghchán 2002 ach ag an am agus ó shin chuaigh sé i bhfeidhm orm cé chomh éifeachtach is a bhí cur chuige na Comhdhála agus pobal na Gaeilge nuair a d'aontaigh siad na héilimh is mó a bhí acu ar na hiarrthóirí toghcháin. Scríobh stiúrthóir gníomhach na Comhdhála, Pádraig Ó Ceithearnaigh an t-alt seo a leanas mar athbhreithniú ar na nithe a bhaineadh amach de bharr éilimh phobal na Gaeilge. Foilsíodh ar Beo.ie é agus tá sé le léamh in Irish Times an lae inniu freisin.

'Bíodh do ghuth le cloisteáil': ó Beo.ie

"Agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag reáchtáil comhdhála ag deireadh na míosa seo chun deis a thabhairt do phobal na Gaeilge moltaí agus éilimh a chur faoi bhráid na bpolaiteoirí, féachann Pádraig Ó Ceithearnaigh, stiúrthóir na heagraíochta, ar na nithe ar fad atá bainte amach don Ghaeilge le dhá bhliain déag anuas."

Splintered Sunrise: Béalbochtachas Próvach

Is fiú go mór léargas an bhlagadóir seo ar ceist Acht Teanga sa Tuaisceart. Cé go bhfuil sé greannmhar tá cúpla pointe maith á dhéanamh aige:Splintered Sunrise: Béalbochtachas Próvach "This is rather revealing of how the peace process works. At the St Andrew’s talks, in exchange for agreeing to whatever Big Ian demanded, the Provos were fobbed off with various small commitments from the Brits, the most visible of which was the promise of legislation to give Irish some sort of official recognition – the details remain vague. There’s nothing wrong with that. It should be a basic democratic position that Irish should get no less official support than Welsh does. And it’s basically a feelgood measure – it gives nationalists the illusion of having their identity recognised without undermining the basis of the Northern statelet. (“Parity of esteem” is the Humespeak term, now widely adopted by all sorts of people.)"

Dé Máirt, Feabhra 20, 2007

Tacaigh le Pobal na Gaeilge sa Tuaisceart

Tacaigh le Pobal na Gaeilge sa Tuaisceart
Gaelport.com - Nuacht na Coicíse


Tá Conradh na Gaeilge ag eagrú bus ó Bhaile Átha Cliath (Ard-Oifig an Chonartha, 6 Sráid Fhearchair) ar an Satharn, 24 Feabhra ar 9.30rn le freastal ar mhórshiúil ar son Acht na Gaeilge don Tuaisceart.

Dé Luain, Feabhra 19, 2007

From the Balcony, A Publisher's Blog: Can DUP scupper language act?

From the Balcony, A Publisher's Blog: Can DUP scupper language act?: "Can DUP scupper language act?

The DUP is boasting in North Down election literature, which no doubt will be replicated elsewhere, that they will block the Irish Language Act if the powersharing executive is restored."

UNESCO | Education - International Mother Language Day

Seo tuilleadh ón UN féin faoi Lá Idirnáisiúnta na dTeangacha Dúchasacha.
UNESCO | Education - International Mother Language Day: "International Mother Language Day

Why International Mother Language Day?
Linguistic and cultural diversity represent universal values that strengthen the unity and cohesion of societies.The recognition of the importance of linguistic diversity led to UNESCO ’s decision to celebrate International Mother Language Day.

When was it launched?
The 30th session of the General Conference of UNESCO in 1999 decided that the Organization would launch and observe an International Mother Language Day on 21 February every year throughout the world."

The EuropaWorld Blog: Mother Language Day

B'fhéidir nach féidir chuile rud a léann tú a chreidiúnt (féach an méad a deirean an blagadóir seo faoin mBreatnais...!) ach gheobhaidh mé tuilleadh eolais ar "Mother Language Day"The EuropaWorld Blog: Mother Language Day: "Mother Language Day

This coming week, on 21st February, the UN will mark Mother Language Day with celebrations all over the world, and especially at the Paris Headquarters of UNESCO, of the benefits and satisfaction of preserving and valuing Mother Languages."

Gearrliosta Gradam na mBlag fógraithe - bígí ag vótáil

Bheul b'fhéidir go bhfuil daoine ann nach creideann go bhfuil blagadóireacht leath chomh tábhachtach leis an saol readúil agus an Olltoghchán atá ag teacht aníos ach is é an 3 Márta AN dáta sa mBlagchruinne agus is lá mór don Ghaeilge é mar tá catagóir ar leith don Ghaeilge. Fógraíodh an ghearrliosta inné:Irish Blog Awards » Blog Archive » 2007 Irish Blog Awards Short list - Congrats to all: "Best Use of the Irish Language in a Blog - Sponsored by Edgecast Media
Ach go hairithe
An Saol
An Spailpin Fanach
Hilary NY
nobyegarawn "

Language of choice is a democratic right - Letters - News - Belfast Telegraph

Language of choice is a democratic right - Letters - News - Belfast Telegraph: "Letters
Language of choice is a democratic right
Friday, February 16, 2007
Here we go again. Every time someone in Northern Ireland who claims Irish heritage tries to promote anything Irish, they are criticised. "

An Phoblacht: Rally to demand Irish Language Act for the Six Counties

An Phoblacht: Rally to demand Irish Language Act for the Six Counties: "Rally to demand Irish Language Act for the Six Counties

Sinn Féin MEP and Irish language activist Bairbre de Brún has called on everyone to come out in Belfast on 24 February to support the call for an Irish Language Act in the Six Counties."

Dé hAoine, Feabhra 16, 2007

Suíomh na Gaeilge

Agus eolas á bhailiú faoina bpáirtithe polaitiúla uile, thug mé cuairt ar a suíomhanna idirlíne féachaint an raibh polasaí i leith na Gaeilge foilsithe acu ar a suíomhanna. B'fhiú bheith cinnte go bhfuil tuiscint maith againn ar meonta na bpolaiteoirí ar an 27ú. (Bhí mé ar tí meon a scríobh ach sin an uimhir uatha... :D)

Seo mar a sheasann rudaí (in ord aibítir)
An Comhaontas Glas - cé go dtugtar "The Green Party/ An Comhaontas Glas" orthu féin síos tríd an suíomh in iomlán, níl, de réir an tsuímh, polasaí ar leith faoin nGaeilge ag an bpáirtí seo. Tháinig mé ar an abairt seo mar chuid den bpolasaí Ealaíon agus Cultúr "Supporting traditional arts and arts/culture/heritage ventures in languages other than in English is seen by the Green Party as part of an Arts Council Brief to support and sustain cultural diversity. As we believe that the Irish Language is central to Irish identity we recommend that the Department of the Gaeltacht should have a separate department too."

Fianna Fáil - Cé go bhfuil Gaeltacht Affairs le feiceáil ar an líosta polasaithe nuair a bhuailtear isteach ann níl aon polasaí leagtha amach - níl ann ach liosta preas ráitisí agus foilsíodh an ceann deireanach i Mí na Samhna seo chaite.

Fine Gael - Arís tá cuid ar leith den suíomh ina féidir polasaithe an pháirtí a scrúdú agus áit ar leith den Ghaeilge. Ach nuair a dhíritear isteach ar Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta is preas ráitis atá ann arís in ionad cáipéis polasaí. Agus is i Mhí Bealtaine 2006 a foilsíodh an ráiteas deireanach faoin nGaeilge...

An Páirtí Daonlathach - Cé go bhfuil mír ar leith ar an suíomh seo faoi polasaithe ní raibh mise abalta teacht ar aon pholasaí i leith na Gaeilge.

Páirtí an Lucht Oibre - ní raibh mé abalta teacht ar aon ní faoin nGaeilge ar an suíomh. Rós mór dearg don té a chuireann sa treo ceart mé.

An Páirtí Sóisialach - ditto ach corrán in ionad rós mar dhuais.

Sinn Féin - An t-aon suíomh le rogha Gaeilge nó Béarla. Tá mír ar leith ann do pholasaithe agus do "Teanga agus Cultúr na hÉireann" ina bhfaightear achoimre ar a bpolasaithe agus na polasaithe in iomlán.

Dátaí nua ag an Oireachtas i mbliana!

Dhá fhéile móra na Gaeilge san áit céanna, an tseachtain céanna. Conas a deirtear "cultural overload" nó "two for the price of one" i nGaeilge?! Is smaoineamh an-mhaith é an fhéile a reachtáil le linn saoire na Cásca: tabharfaidh sé deis níos fearr do dhaoine freastal uirthi."Dátaí nua ag an Oireachtas i mbliana! Oireachtas na Cásca & An Fhéile Pan Cheilteach - le chéile ag cothú muintearais"
Agus an bhfuil suíomh athchóirithe an Oireachtais feicthe agaibh? An-snasta agus lán go pléascadh le fís agus fuaim. Tá mé ar sceitimíní cheana féin...!

Déardaoin, Feabhra 15, 2007

09.15 Clárú & Cupán Tae


Creideann an Chomhdháil go mór sa seanfhocal "Tús maith leath na hoibre" agus mar sin beifear ag cúr tús le himeachtaí an lae le cupán tae. Chomh maith leis sin beidh lón eadrom ar fáil díreach roimh Seisiún na bPolaiteoirí, rud a chiallaíonn go mbeidh iad siúd a bhfuil faoi brú ama nó oibre inann freastal ar an seisiún lóin amháin agus difríocht a dhéanamh. GheofarDréachtchlár an Lae ar Gaelport.com

But, are you happy?


Sin an ceist a chur clár fógraí ar thaobh na bóithre orm ar maidin. Cuid de feachtas fógraíochta Pháirtí an Lucht Oibre agus muid ag druidim níos gaire le olltoghchán chuile lá (ar eagla go bhfuil dearmad déanta agat...!). Bhuel caithfidh mé rá gur chuir sé droch spion ceart orm ar maidin! Ceann de na cúiseanna is mó díomá atá orm féin le cúpla bliana anuas ná cé chomh deacair is atá sé clann a thógáil le Gaeilge. Roimh ar rugadh iad níor thuig mé an dúshlán a bhí romhaim. Labhraim Gaeilge an chuid is mó den lá, bímse ag smaoineamh i nGaeilge an-chuid is ar éigean go mbím ag taibhreamh i nGaeilge!

Agus in ainneoin an sár-obair atá ar siúl ag a leithéid de Comhluadar (féach m.sh. deireadh seachtaine atá beartaithe acu i mí Mhárta. Tuilleadh eolais eolas@comhluadar.ie nó 01 6715116) is é an bhunfhadhb atá agamsa ná ní chaithim a dhóthain ama leis na gasúir agus nuair atá mamailíneach ar tí titim síos staighre déanfaidh tú cinnte go dtuigtear thú agus is cuma céard iad do phrionsabail!

Is cuimhin liom nuair a bhíomar ag cuardach créche dóibh, dúradh linn in áit amháin gur créche dá-theangach a bhí ann. Léim mo chroí! "Céard iad na dteangacha?" a d'iarr mé. "Béarla agus Fraincís," a dúradh liom.

Mar sin ceann de na ceisteanna a gcuirfidh mise ar na hiarrthóirí ar 27 Feabhra ag an gComhdháil Lae ná conas a gcabhróidh sibh liomsa clann a thógáil le Gaeilge?

Dé Céadaoin, Feabhra 14, 2007

Páidí i mbun na gCeisteanna


Beidh Páidí Ó Lionáird láithreoir aitheanta Seacht Lá agus Ardán TG4 sa chathaoir do sheisiún na bpolaiteoirí ag an gComhdháil Lae atá a eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, in Óstán Alexander, Baile Átha Cliath 2, ar an 27 Feabhra 2007.

Dé Máirt, Feabhra 13, 2007

Nocht bhur dtuairimí, inis dúinn bhur mianta!

Mar sin nocht bhur dtuairimí, inis dúinn bhur mianta! Céard faoin nGaeilge ar scoil? Ar chóir geallúint a fháil ó na h-iarrthóirí i leith acmhainní scoile? Nó céard faoin nGaeilge taobh amuigh den seomra ranga? Céard is féidir leis na polaiteoirí a dhéanamh chun tacaíocht a thabhairt dóibh siúd gur mhaith leo a nGaeilge a chothú tar éis a n-iarbhunscolaíocht?
Nó céard faoi cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht?
Agus cúrsaí craolacháin agus Bille Craolacháin ag gabháil tríd an Oireachtas faoi láthair?
So let's hear what you think, tell us what you want! What about Irish in school? Should we extract promises from the candidates about school resources? Or what about Irish beyond the classroom? What can the politicians do to support those who want to develop their Irish after post-primary?
What about planning issues in the Gaeltacht?
And broadcasting issues while a broadcasting bill makes its way through the Oireachtas?

An Ghaeilge & Do Vóta/ Your Language, Your Vote

Tá comhdháíl lae á n-eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, lárchomhairle phobal na Gaeilge chun éisteacht a thabhairt d'éilimh phobal na Gaeilge roimh Olltoghchán 2007. Beidh an chomhdháil seo ar siúl in Óstán Alexander, BÁC 2, 27.02.2007 ag tosú ag 9.15.
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, the central steering council for the Irish Language Community, are organising a day-long conference to give voice to the wishes of the Irish Language Community before the General Election 2007. This conference will take place in the Alexander Hotel, Dublin 2, 27.02.2007, kicking off at 9.15.

Cheana féin tá sé deimhnithe ag an tAire Ó Cuív T.D. Fianna Fáil; Trevor Sargent T.D. An Comhaontas Glas; Donncha Mac Fhionnlaoich T.D. Fine Gael; Brian O'Shea, T.D. Páirtí an Lucht Oibre; Aenghus Ó Snodaigh T.D. Sinn Féin; Joe Higgins T.D. An Páirtí Sóisialach agus an Comhairleoir Cáit Keane, An Páirtí Daonlathach go mbeidh siad i láthair thar ceann a bpáirtithe.
It has already been confirmed that Minister Ó Cuív T.D. Fianna Fáil; Trevor Sargent T.D. The Green Party; Donncha Mac Fhionnlaoich T.D. Fine Gael; Brian O'Shea T.D., Labour Party; Aenghus Ó Snodaigh T.D. Sinn Féin; Joe Higgins T.D. Socialist Party, and Councillor Cáit Keane, Progressive Democrats, will be in attendance, representing their respective parties.

Clúdófar réimse leathan d'ábhair ag an gComhdháil Lae agus i measc na gcainteoirí eile a bheidh ann tá An Dr. John Walsh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Janet Muller, Príomhfheidhmeannach Pobal, Donncha Ó hÉallaithe, Airdeall agus ionadaithe ó eagraíochtaí oideachais, óige agus pobail. The one day conference will cover a wide range of topics relating to the Irish language. Dr. John Walsh, NUI Galway; Janet Muller, Chief Executive of Pobal; Donncha Ó hÉallaithe, Airdeall and representatives from educational, youth and community organisations will also address the conference.

Clár iomlán ar fáil anseo/ Complete programme available here

Ach tuigtear dúinn nach mbeidh sé ar chumas chuile dhuine gur spéis leo an Ghaeilge a bheith i láthair ar an lá agus mar sin tá mise, thar ceann na Comhdhála, ag cur tús le plé ar an ábhar seo ar an mblag seo agus ar www.politics.ie

However we know that not everyone who is interested in the Irish Language will be able to make it on the day and so I am, on behalf of An Chomhdháil, kicking off a discussion on this subject on this blog and at www.politics.ie
Ar an lá cuirfear ceist nó dhó ar gach ábhar ón bplé ar líne. Tá súil againn dá bharr go dtabharfaidh sé seo deis do chách a dtuairimí a nochtadh. Tá mé ag súil go mbeidh mé inann beo-bhlagáil a dhéanamh anseo ón gcomhdháil ar an lá freisin.
On the day one or two questions will be asked from the online discussion on each topic. We hope therefore that this will give everyone a chance to get their voices heard. I also hope that I will be able to liveblog here from the conference on the day too.

Agus má tá aon amhras ann faoin éifeacht a bhaineann leis an bpróiséas seo ní fiú ach an t-alt seo le Pádraig Ó Ceithearnaigh a léamh
And if there's any doubt about the efficacy of this process, look no further than Pádraig Ó Ceithearnaigh's recent article for Beo.ie