Dé Céadaoin, Feabhra 21, 2007

Na nithe atá bainte amach

Ní raibh mé i bhfad ag obair i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge nuair a reachtáladh Tóstal na Gaeilge 2002: Cearta Phobal na Gaeilge agus Olltoghchán 2002 ach ag an am agus ó shin chuaigh sé i bhfeidhm orm cé chomh éifeachtach is a bhí cur chuige na Comhdhála agus pobal na Gaeilge nuair a d'aontaigh siad na héilimh is mó a bhí acu ar na hiarrthóirí toghcháin. Scríobh stiúrthóir gníomhach na Comhdhála, Pádraig Ó Ceithearnaigh an t-alt seo a leanas mar athbhreithniú ar na nithe a bhaineadh amach de bharr éilimh phobal na Gaeilge. Foilsíodh ar Beo.ie é agus tá sé le léamh in Irish Times an lae inniu freisin.

'Bíodh do ghuth le cloisteáil': ó Beo.ie

"Agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag reáchtáil comhdhála ag deireadh na míosa seo chun deis a thabhairt do phobal na Gaeilge moltaí agus éilimh a chur faoi bhráid na bpolaiteoirí, féachann Pádraig Ó Ceithearnaigh, stiúrthóir na heagraíochta, ar na nithe ar fad atá bainte amach don Ghaeilge le dhá bhliain déag anuas."

No comments: