Dé hAoine, Feabhra 16, 2007

Dátaí nua ag an Oireachtas i mbliana!

Dhá fhéile móra na Gaeilge san áit céanna, an tseachtain céanna. Conas a deirtear "cultural overload" nó "two for the price of one" i nGaeilge?! Is smaoineamh an-mhaith é an fhéile a reachtáil le linn saoire na Cásca: tabharfaidh sé deis níos fearr do dhaoine freastal uirthi."Dátaí nua ag an Oireachtas i mbliana! Oireachtas na Cásca & An Fhéile Pan Cheilteach - le chéile ag cothú muintearais"
Agus an bhfuil suíomh athchóirithe an Oireachtais feicthe agaibh? An-snasta agus lán go pléascadh le fís agus fuaim. Tá mé ar sceitimíní cheana féin...!

No comments: