Déardaoin, Feabhra 15, 2007

But, are you happy?


Sin an ceist a chur clár fógraí ar thaobh na bóithre orm ar maidin. Cuid de feachtas fógraíochta Pháirtí an Lucht Oibre agus muid ag druidim níos gaire le olltoghchán chuile lá (ar eagla go bhfuil dearmad déanta agat...!). Bhuel caithfidh mé rá gur chuir sé droch spion ceart orm ar maidin! Ceann de na cúiseanna is mó díomá atá orm féin le cúpla bliana anuas ná cé chomh deacair is atá sé clann a thógáil le Gaeilge. Roimh ar rugadh iad níor thuig mé an dúshlán a bhí romhaim. Labhraim Gaeilge an chuid is mó den lá, bímse ag smaoineamh i nGaeilge an-chuid is ar éigean go mbím ag taibhreamh i nGaeilge!

Agus in ainneoin an sár-obair atá ar siúl ag a leithéid de Comhluadar (féach m.sh. deireadh seachtaine atá beartaithe acu i mí Mhárta. Tuilleadh eolais eolas@comhluadar.ie nó 01 6715116) is é an bhunfhadhb atá agamsa ná ní chaithim a dhóthain ama leis na gasúir agus nuair atá mamailíneach ar tí titim síos staighre déanfaidh tú cinnte go dtuigtear thú agus is cuma céard iad do phrionsabail!

Is cuimhin liom nuair a bhíomar ag cuardach créche dóibh, dúradh linn in áit amháin gur créche dá-theangach a bhí ann. Léim mo chroí! "Céard iad na dteangacha?" a d'iarr mé. "Béarla agus Fraincís," a dúradh liom.

Mar sin ceann de na ceisteanna a gcuirfidh mise ar na hiarrthóirí ar 27 Feabhra ag an gComhdháil Lae ná conas a gcabhróidh sibh liomsa clann a thógáil le Gaeilge?

No comments: