Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 31, 2007

Ag súil le bualadh libh


Beidh mé féin (Roseanne!) agus mo chomhghleacaithe ag freastal ar an Oireachtas. Beidh seastán linn agus beimid ag díol fáinní agus ag glacadh síntiús don nuachtlitir. Buailigí suas chugainn agus beannaigí linn!

Spat Over Pobalscoil Corca Dhuibhne - boards.ie

Spat Over Pobalscoil Corca Dhuibhne - boards.ie Plé bríomhar ar cheist na meánscoileanna i gCorca Dhuibhne ar boards.ie

Dé hAoine, Deireadh Fómhair 26, 2007

Deas buaileadh libh!

D'fhreastal mé ar ócáid a d'eagraigh Aoileann Nic Dhonnchadha, an t-oifigeach Gaeilge i gComhairle Chontae Átha Cliath Theas inné. Thug sí cuireadh do mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile an cheantair freastal ar ócáid chun eolas a fháil faoi eagraíochtaí Gaeilge. I láthair bhí Conradh na Gaeilge, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Gaelscoileanna, An Gúm, Foras na Gaeilge, agus bhí ionadaíocht ann ón Seirbhís Leabharlainne sa cheantar agus an Oifig Chomhshaoil sa Chomhairle agus tuilleadh nach iad.

Chomh maith leis sin labhair Stiofáin Ó Deoráin ón nGúm faoin seirbhís íontach http://www.focal.ie/ agus (hallelujah!) faoin rud go bhfuil siad ar tí leagan nua-aimseartha de Gléacht a éisiúnt roimh Nollag. Tá a fhios agamsa céard tá Dadaí na Nollag ag tabhairt chuig oifigí Gaelport i mbliana. Cloisim sibh ag rá "Céard sa diabhal is Gléacht ann?" Aon duine a bhfuil an leagan MS-DOS den bhogearra seo tuigfidh siad mo ríméad. Is leagan idirghníomhach é de Foclóir Uí Dhónaill. Tá sé inchuardaithe agus is féidir gach leagan de gach focal a aimsiú (bíodh sin tuiseal, aimsir nó leagan den bhfocal mar is cuí) trí chliceáil luiche.

Ag an ócáid céanna labhair Carmel Nic Eoin atá i gceannas ar an Seirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge san Ionad Oideachais in Áth Luain. Is seirbhís nua é seo atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun tacú leis na múinteoirí agus iad ag cur na n-athruithe i leith curaclam na Gaeilge, ina measca na marcanna breise don bhéaltriall, i bhfeidhm.

Labhair Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge agus Orla Nic Suibhne ó Sheachtain na Gaeilge freisin.

Deis íontach a bhí ann do ionadaí ó na heagraíochtaí Gaeilge aithne a chur ar mhúinteoirí an cheantair agus vice versa.

Gléas Freagartha na Comhdhála

Gaelport.com - An nuacht is déanaí: Tá an gléas freagartha as feidhm in Oifigí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara agus mar sin ní féidir teachtaireachtaí a fhágáil air faoi láthair. Tá fáilte roimh fiosraithe ar 01 6794780 mar is ghnách. Munar féidir leat fáil tríd chugainn moltar duit ríomhphost a seoladh chuig eolas@gaelport.com. Tá súil againn go mbeidh an fhadhb seo réitithe gan mhoill.

(English translation? Click here.)

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 24, 2007

Stádas na Gaeilge sa Chóras Dlí - Dul amú ar O'Shea

Stádas na Gaeilge sa Chóras Dlí - Dul amú ar O'Shea Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcónaí roimh an deis plé a dhéanamh ar áit na Gaeilge sa sochaí a láidriú. Is léir don Chomhdháil, ainneoin go bhfuil an córas feabhsaithe le blianta beaga anuas, nach bhfuil an córas atá ann faoin Acht Lucht Cleachtaithe Dlí (Cáilíocht), 1929 sásúil lena chinntiú go mbeidh líon leordhóthanach dlíodóírí le Gaeilge ann."
(read it in English - all material on Gaelport.com is also available in English. Just click the link on the top right of the page!)

Dé Máirt, Deireadh Fómhair 23, 2007

Urlabhra AR SON?? na Gaeilge

The Labour Party - Press releases: "The Labour Party Spokesperson on the Irish Language, Deputy Brian O’Shea, is to table a Private Members Bill designed to remove the compulsory Irish examination for legal practitioners and replace it with a voluntary system of recognising competence in the Irish language, as recommended by the Competition Authority"

Dé Luain, Deireadh Fómhair 22, 2007

Plé bríomhar ar u.tv i leith Acht Gaeilge ó thuaidh

Leantar le plé bríomhar ar ceist na reachtaíochta don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann ar suíomh u.tv. Féach freisin an plé faoi "Irish bill too costly says Poots"
::: u.tv :::: "Human Rights Commission enters Irish language row The Human Rights Commission was tonight drawn into the Assembly row over the Irish language. Chief Commissioner Monica McWilliams has written to the NIO after Culture Minister Edwin Poots decided not to introduce a language act."

Dé Máirt, Deireadh Fómhair 09, 2007

Beagnach 1.66 Milliún duine le Gaeilge ar a dtoil acu!

Gaelport.com - An nuacht is déanaí: "Rud spéisiúil a léiríonn na staitisticí ná go bhfuil níos mó ban in ann an teanga a labhairt (45.3%) i gcomparáid leis na fir (38.4%) Agus arís bhí labhairt na Gaeilge níos treise i measc na mban i ngach aon aoisghrúpa sa daonáireamh go háirithe i measc an aosa óig idir 15-19 mbliana d'aois. Beidh impleachtaí móra aige go háirithe má leanann an treocht seo ó thaobh fhorbairt na teanga de i ngach cuid den phobal agus sa chóras oideachais."
Nach raibh taighde éigin ann a bhfuair amach go ar mná agus máithreacha go speisialta a thiteann an freagracht ó thaobh cothú teanga? Nach é sin an fáth gur dhírigh an feachtas www.teangafein.ie ar mná ní ach go háirithe?
Nocht do thuairim linn - brúigh ar an nasc "nóta tráchta" thíos.

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 03, 2007

Fiche Focal: Irish Books III: Leabhair Ghaeilge III

Tá a thaighde déanta ag an bhfear seo agus tá dearcadh éadóchasach aige ar chúrsaí litríocht na Gaeilge. Tá sé ag cuir fáilte roimh plé. Fiche Focal: Irish Books III: Leabhair Ghaeilge III: "I argue that the dearth of literature, research, analysis and debate through Irish, on anything from from Climate Change to Crossdressing, bolsters my case that we have no national discourse in Irish. No separate world view is represented in the language, and therefore its claim to be culturally central to who we are is vastly inflated. And yet I know these words, far from spark a potentially useful debate, or even a single opposing argument, will do nothing but draw sparks from the live wire of blind fanaticism that runs through large parts of the Irish language lobby."