Dé hAoine, Márta 30, 2007

Méadú ar mhéid na gcainteoirí Gaeilge: dúshlán don rialtas agus an earnáil dheonach Gaeilge

Gaelport.com - Nuacht na Coicíse: "Bunaithe ar thorthaí an daonáirimh is déanaí tá borradh tagtha ar mhéid na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn ón daonáireamh deireanach i 2002. Chuir 1.66m duine in iúl sa daonáirimh i 2006 go bhfuil Gaeilge acu i gcomparáid le 1.57m i 2002. Tá meath beag ó thaobh ceatadáin de ó 42.8% i 2002 go 41.9% i 2006. "

Chuir preas ráiteas na Príomh-Oifig Staidrimh íonadh orm nuair a léigh mé ar dtús é: cuireadh casadh an-diúltach ar an eolas céanna. Bheinn ag ceapadh go mbeadh gráin ag staitisteoir claonadh bealach amháin nó bealach a bheith curtha ar a eolas...

"Slight decline in percentage of Irish speakers
Based on the results of the census, more persons indicated that they could speak Irish in 2006 (1.66 million) compared with 2002 (1.57 million). However, in percentage terms there was a slight decline from 42.8 per cent in 2002 to 41.9 per cent in 2006.
The proportion of Irish speakers declined in all Gaeltacht areas apart from the Meath and Waterford areas – the two smaller Gaeltacht areas."
Tuilleadh (PDF)

YouTube Copyright Crackdown on Irish Language TV Programmes « Edgecast Media

Iarradh ar Chonn Ó Muineacháin ábhar físe dó féin a bhí íoslódáilte aige go YouTube a bhaint toisc nárbh leis é. Físeán dó féin a bhí ann, a bhfuair sé ó mhuintir TG4 agus an tuiscint ann acu go gcuireadh sé ar líne é. Ach de réir comhlacht darbh ainm dóibh Servecast is leo siúd na cearta ar ábhar TG4 ar líne. Fan go bhfeicfidh mé anois, cár fhág mé an admháil sin ar EUR158.00 a d'íoc mé as mo cheadúnas teilifíse?

YouTube Copyright Crackdown on Irish Language TV Programmes « Edgecast Media: "YouTube Copyright Crackdown on Irish Language TV Programmes
Yesterday I received a “DMCA notice” from YouTube informing me that a video I had posted of a TG4 news report on the launch of my radio series, An Líonra Sóisialta, had been removed by them, at the request of a company called Servecast Ltd, who alleged copyright infringement."

Dé Máirt, Márta 20, 2007

Council of Europe calls for UK minority-language push | EU - European Information on Languages & Culture

EurActiv.com - Council of Europe calls for UK minority-language push EU - European Information on Languages & Culture: "Council of Europe calls for UK minority-language push[fr][de]
Published: Friday 16 March 2007

The Council of Europe issued its second report on the situation of minority languages in the United Kingdom on 15 March 2007, which says more effort should be made in favour of Irish, Welsh and Scots/Ulster Scots/Scottish Gaelic. "

Lá 'le Gaeilge

D'fhreastal mé ar Lá 'le Gaeilge a bhí mar chuid de Féile Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach. Bhí seastán agam thar ceann na Comhdhála i Filmbase áit ar bhuail mé le an-chuid daoine spéisiúla. Bhuail mé le an-chuid tuismitheoirí gan mórán Gaeilge ach le gasúir a bhí Gaeilge den scoth acu - bhí na tuismitheoirí ag tapú gach deis do na páistí Gaeilge a labhairt. Déarfainn go raibh craic maith acu agus na Fanzini Brothers aimsithe ag Comhluadar chun cur leis an siamsaíocht craiceáilte.

Dé Luain, Márta 12, 2007

An Ghaeilge & Do Vóta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

RTÉ Raidió na Gaeltachta: "Oideas & Oidhreacht
Ar chlár na hoíche anocht, cloisfear an léacht a thug An Dr. John Walsh, OÉ, Gaillimh, faoi 'Ráiteas an Rialtais agus an Plean Forbartha Náisiúnta' ag Comhdháil lae a reachtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le gairid faoi 'Éileamh Phobal na Gaeilge ar Olltoghchán 2007'. tx 120307 @ 20.00

Tonight's programme features a lecture given recently by Dr John Walsh, NUI, Galway at a one day conference organised by Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge - 'Ráiteas an Rialtais agus an Plean Forbartha Náisiúnta'. The producer is Deirdre Ní Dhálaigh."

Dé Máirt, Márta 06, 2007

Comhghairdeagas tuillte ag bean eile

Bronnadh Duais Hewlett-Packard don Ghaeilge ar Mhairéad Ní Nuadháin ag an deireadh seachtaine ag Mórfhéasta 2007 a reachtáladh OE Gaillimh. Ní aon íonadh é sin nuair a léitear an t-eolas beathaisnéiseach a chur rannóg poiblíocht na hOllscoile chugainn:

Is í Mairéad eagarthóir coimisiúnaithe ar chláir Ghaeilge, oideachasúla agus ilchultúir in RTÉ. Is í a bhunaigh "Léargas" agus bhí sí ina léiritheoir sraithe ar an tsraith fáisnéise Ghaeilge sin, a cheiliúir deich mbliana ar an aer i mbliana. Tá cláir shiamsaíochta agus cláir eile fáisnéise léirithe aici chomh maith i mBéarla agus i nGaeilge. Mar chuid dá cúram cláir a sholáthar gach bliain do TG4, tá sraitheanna ar nós "An Tuath Nua," "Bean an Ti," "Bia 's Bóthar," "Ardán" agus go leor clár eile curtha ar fáil, lena n-áirítear cúrsaí reatha, cláir spóirt, cláir irise agus cláir do leanaí. Ba í freisin a choimisúnaigh cláir ilchultúir faoi Éireannaigh nua agus cláir oideachais do RTÉ, mar shampla "Turas Teanga," "Families in Trouble," "Mono," "Who's Afraid of Islam?" agus "No Place Like Home."

Is as Bealach an Doirín, Co. Ros Comáin í ó thús agus bhí cónaí uirthi tar éis na hollsoile i nGaillimh, áit a raibh sí ina comhalta de lucht bunaithe an Druid Theatre agus ina haisteoir leis an Taibhdhearc. Nuair a bhí sí in OÉ Gaillimh (Coláiste na hOllscoile, Gaillimh ag an am), bhí sí ar dhuine de na chéad reachtairí mná ar an gCumann Liteartha agus Díospóireachta (Lit and Deb).

I mBaile Átha Cliath atá sí anois ach choinnigh sí an tsnaidhm leis na healaíona i nGaillimh, trína ballraíocht i mBord Macnas, agus tá sí ina ball freisin de Bhord Feidhmiúcháin an Celtic Film and Television Company.

Dé Luain, Márta 05, 2007

Hilary NY: Gradam na mBloganna 2007! Irish Blog Awards 2007! The Bloscars 2007!

Comhghairdeagas le Hilary a bhuaigh Gradam na mBlaganna. Hilary NY: Gradam na mBloganna 2007! Irish Blog Awards 2007! The Bloscars 2007!: "Gradam na mBloganna 2007! Irish Blog Awards 2007! The Bloscars 2007!
D’éirigh an blog seo san ócáid mhór seo agus chuala mé go raibh oíche bhreá ag dream na mbloganna san óstlann Alexandra i mBAC aréir. "

Dea-scéala do Mhná Tí - Ardú 12.5%

Gaelport.com - Nuacht na Coicíse: "Tá fógartha inniu ag Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil an deontas a íocann a Roinn le teaghlaigh Gaeltachta, a mbíonn Foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas acu, méadaithe ó EUR9.50 go EUR10.50 in aghaidh an lae (EUR73.50 in aghaidh na seachtaine) do 2007. Is é EUR10.50 an ráta laethúil nua a bheidh ann do na teaghlaigh seo agus do bhrúnna/coláistí cónaithe in 2007. "
Agus é tuilte acu. Ní dóigh liom go gclúdaíonn an teideal "bean tí" leath den obair a dhéanann bean tí maith. Banaltra, comhairleoir croí cráite, mamaí, cara. Dea-chuimhneacháin agam ar mo sheal féin sa Ghaeltacht!

Ròc na Gàidhlig - Rac na Gaeilge 2007 / Shaking the Land of the Gaels

Ròc na Gàidhlig - Rac na Gaeilge 2007 / Shaking the Land of the Gaels: "Ròc na Gàidhlig - Rac na Gaeilge 2007 / Shaking the Land of the GaelsBack
02 March 2007


Modern Gaelic music is alive and kicking and ready to shake the Land of the Gaels from top to bottom. At the end of March, three modern music groups will be heading off on a historical tour through Scotland and Ireland, the first ever all-Gaelic rock and techno tour."

Déardaoin, Márta 01, 2007

Seoladh Seachtain na Gaeilge i nGaillimh

Galway Independent: "Spraoí agus craic at Seachtain na Gaeilge launch
This Saturday 3 March sees the beginning of Seachtain na Gaeilge 2007. "

Guth aontaithe ag Pobal na Gaeilge ar éilimh

Gaelport.com - Nuacht na Coicíse: 01 Márta 2007

Ag an gComhdháil Lae Do Ghaeilge & Do Vóta inné, 27.02.2007, a d'éagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, dhírigh na cainteoirí agus an lucht éisteachta isteach ar cheisteanna reachtaíochta, oideachais, pleanála, ar thógáil pobail agus ar cothú Gaeilge i measc na hóige.
I measc na n-éileamh a d'aontaigh pobal na Gaeilge inné bhí:
  • Go mbeadh réamhscolaíocht stáit sa Ghaeltacht i nGaeilge agus taobh amuigh de Ghaeltacht dóibh siúd gur mhaith leo sin; go mbeadh an Ghaeilge tógtha san áireamh i réamhscoileanna eile
  • Go mbunófar ionad náisiúnta oideachas don Ghaeilge
  • Go dtacóidh na polaiteoirí le Acht na dTeangacha Oifigiúla i ngach gné den saol poiblí agus go gcuirfidh i bhfeidhm i gceart é
  • Go dtacóidh na polaiteoirí le hAcht Teanga do Thuaisceart Éireann
  • Go ndréachtfar agus go gníomhofar plean stráitéiseach don Ghaeilge ina mbeadh struchtúr náisiúnta don óige mar phríomh-chuspóir