Dé Luain, Márta 05, 2007

Dea-scéala do Mhná Tí - Ardú 12.5%

Gaelport.com - Nuacht na Coicíse: "Tá fógartha inniu ag Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil an deontas a íocann a Roinn le teaghlaigh Gaeltachta, a mbíonn Foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas acu, méadaithe ó EUR9.50 go EUR10.50 in aghaidh an lae (EUR73.50 in aghaidh na seachtaine) do 2007. Is é EUR10.50 an ráta laethúil nua a bheidh ann do na teaghlaigh seo agus do bhrúnna/coláistí cónaithe in 2007. "
Agus é tuilte acu. Ní dóigh liom go gclúdaíonn an teideal "bean tí" leath den obair a dhéanann bean tí maith. Banaltra, comhairleoir croí cráite, mamaí, cara. Dea-chuimhneacháin agam ar mo sheal féin sa Ghaeltacht!

No comments: