Déardaoin, Márta 01, 2007

Guth aontaithe ag Pobal na Gaeilge ar éilimh

Gaelport.com - Nuacht na Coicíse: 01 Márta 2007

Ag an gComhdháil Lae Do Ghaeilge & Do Vóta inné, 27.02.2007, a d'éagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, dhírigh na cainteoirí agus an lucht éisteachta isteach ar cheisteanna reachtaíochta, oideachais, pleanála, ar thógáil pobail agus ar cothú Gaeilge i measc na hóige.
I measc na n-éileamh a d'aontaigh pobal na Gaeilge inné bhí:
  • Go mbeadh réamhscolaíocht stáit sa Ghaeltacht i nGaeilge agus taobh amuigh de Ghaeltacht dóibh siúd gur mhaith leo sin; go mbeadh an Ghaeilge tógtha san áireamh i réamhscoileanna eile
  • Go mbunófar ionad náisiúnta oideachas don Ghaeilge
  • Go dtacóidh na polaiteoirí le Acht na dTeangacha Oifigiúla i ngach gné den saol poiblí agus go gcuirfidh i bhfeidhm i gceart é
  • Go dtacóidh na polaiteoirí le hAcht Teanga do Thuaisceart Éireann
  • Go ndréachtfar agus go gníomhofar plean stráitéiseach don Ghaeilge ina mbeadh struchtúr náisiúnta don óige mar phríomh-chuspóir

No comments: