Dé Máirt, Márta 20, 2007

Lá 'le Gaeilge

D'fhreastal mé ar Lá 'le Gaeilge a bhí mar chuid de Féile Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach. Bhí seastán agam thar ceann na Comhdhála i Filmbase áit ar bhuail mé le an-chuid daoine spéisiúla. Bhuail mé le an-chuid tuismitheoirí gan mórán Gaeilge ach le gasúir a bhí Gaeilge den scoth acu - bhí na tuismitheoirí ag tapú gach deis do na páistí Gaeilge a labhairt. Déarfainn go raibh craic maith acu agus na Fanzini Brothers aimsithe ag Comhluadar chun cur leis an siamsaíocht craiceáilte.

No comments: