19/05/08

Buaiteoir Chomórtas Filíochta An Chuairt 2008 Fógartha.






Mar chuid de Chuairt na bhFilí Albanacha go hÉirinn, d’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Comórtas Filíochta Dátheangach do dhánta nuachumtha i nGaeilge nó i nGàidhlig na hAlban.
Ar an Máirt, 6 Bealtaine, i gClub De Burgo, i gCathair na Gaillimhe, léigh an deichniúir iomaitheoirí a bhain an babhta ceannais amach, a n-dánta, agus rinne na filí clúiteacha Colette Nic Aodha, Máire Holmes, Jackie Mac Donncha, agus Maletta Nic Pháil moltóireacht ar an gcomórtas. Ba cheardlann scríbhneoireachta de rogha an bhuaiteora dar luach nach mó na Eur500 a bhí ar an gcéad duais, agus go bhfoilseofaí an dán i nuachtlitir na Comhdhála i mí an Mheithimh agus sa nuachtán Lá Nua.

Dar leis na moltóirí bhí caighdeán na ndánta a léadh ar an oíche thar barr, agus ba dheacair aon fhile amháin a roghnú. Tar éis dóibh na dánta ar fad a phlé, roghnaíodh an dán ‘Rannan na Bliadhna’ mar an dán buaiceach, a bhí scríofa ag an bhfile Niall Gordon ó Eilean Sgiathanach, in Albain. Is dán é ‘Rannan na Bliadhna’ le 12 véarsa, le gach véarsa ag cur síos ar mhíonna éagsúla na bliana.

Is scéim cheilteach sheanbhunaithe thábhachtach í An Chuairt, atá á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó 1971, áit a ndéantarmalartú cultúrtha idir Éirinn agus Albain, ach ba é seo an chéad uair a eagraíodh an comórtas seo.

Deir Síle Ní Chatháin, Feidhmeannach le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ‘de bharr an méid suime a léiríodh sa chomórtas i mbliana, le breis is leathchéad iontráil, is cosúil go mbeidh tóir anois ar an gcomórtas seo ar bhonn bliantúil.’

Seo an dán 'Rannan na Blaidhna'le Niall Gordon Buaiteoir Comórtas Filíochta An Chuairt 2008

02/11/07

Gluaiseacht na Gaeilge

Roinnt grianghraif ó na réamhbhabhtaí den damhsa ar an sean-nós (Daoine Fásta) ag Oireachtas 07. Is féidir leis na daoine sin gluaiseacht!
Ó Oireachtas 07

Oireachtas na Samhna sroichte againn faoi dheireadh!


Tá an nóta seo urraithe ag an AA a tháinig i gcabhair orainn agus muid fós os comhair na Comdhála! Táimid anso i gCathair na Mart ar aon nós agus na sluaite inár dteannta. Tá seastán na Comhdhála díreach in aice an deasc ticéid. Buail suas chugainn - tá comórtas iontach á rith againn. Cláraigh saor in aisce leis an nuachtlitir, Eolas@Gaelport.com, agus bí san iomaíocht ar IPod Nano 4GB!
Beidh mé ag cur roinnt grianghraif in airde le linn na féile ach seo blas mar thús.
Ó Oireachtas 07

31/10/07

Ag súil le bualadh libh


Beidh mé féin (Roseanne!) agus mo chomhghleacaithe ag freastal ar an Oireachtas. Beidh seastán linn agus beimid ag díol fáinní agus ag glacadh síntiús don nuachtlitir. Buailigí suas chugainn agus beannaigí linn!

Spat Over Pobalscoil Corca Dhuibhne - boards.ie

Spat Over Pobalscoil Corca Dhuibhne - boards.ie Plé bríomhar ar cheist na meánscoileanna i gCorca Dhuibhne ar boards.ie

26/10/07

Deas buaileadh libh!

D'fhreastal mé ar ócáid a d'eagraigh Aoileann Nic Dhonnchadha, an t-oifigeach Gaeilge i gComhairle Chontae Átha Cliath Theas inné. Thug sí cuireadh do mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile an cheantair freastal ar ócáid chun eolas a fháil faoi eagraíochtaí Gaeilge. I láthair bhí Conradh na Gaeilge, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Gaelscoileanna, An Gúm, Foras na Gaeilge, agus bhí ionadaíocht ann ón Seirbhís Leabharlainne sa cheantar agus an Oifig Chomhshaoil sa Chomhairle agus tuilleadh nach iad.

Chomh maith leis sin labhair Stiofáin Ó Deoráin ón nGúm faoin seirbhís íontach http://www.focal.ie/ agus (hallelujah!) faoin rud go bhfuil siad ar tí leagan nua-aimseartha de Gléacht a éisiúnt roimh Nollag. Tá a fhios agamsa céard tá Dadaí na Nollag ag tabhairt chuig oifigí Gaelport i mbliana. Cloisim sibh ag rá "Céard sa diabhal is Gléacht ann?" Aon duine a bhfuil an leagan MS-DOS den bhogearra seo tuigfidh siad mo ríméad. Is leagan idirghníomhach é de Foclóir Uí Dhónaill. Tá sé inchuardaithe agus is féidir gach leagan de gach focal a aimsiú (bíodh sin tuiseal, aimsir nó leagan den bhfocal mar is cuí) trí chliceáil luiche.

Ag an ócáid céanna labhair Carmel Nic Eoin atá i gceannas ar an Seirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge san Ionad Oideachais in Áth Luain. Is seirbhís nua é seo atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun tacú leis na múinteoirí agus iad ag cur na n-athruithe i leith curaclam na Gaeilge, ina measca na marcanna breise don bhéaltriall, i bhfeidhm.

Labhair Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge agus Orla Nic Suibhne ó Sheachtain na Gaeilge freisin.

Deis íontach a bhí ann do ionadaí ó na heagraíochtaí Gaeilge aithne a chur ar mhúinteoirí an cheantair agus vice versa.

Gléas Freagartha na Comhdhála

Gaelport.com - An nuacht is déanaí: Tá an gléas freagartha as feidhm in Oifigí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara agus mar sin ní féidir teachtaireachtaí a fhágáil air faoi láthair. Tá fáilte roimh fiosraithe ar 01 6794780 mar is ghnách. Munar féidir leat fáil tríd chugainn moltar duit ríomhphost a seoladh chuig eolas@gaelport.com. Tá súil againn go mbeidh an fhadhb seo réitithe gan mhoill.

(English translation? Click here.)