Dé hAoine, Feabhra 20, 2009

An Bille Carthanas,2007



Faoi dheireadh thiar thall, tá an Bille seo faoi lámh an Uachtáráin réidh le síniú agus táthar ag súil go achtófar é an tseachtain seo chugainn! (Feabhra,2009!!)

Cad a ciallóidh sé sin sin do eagraíochtaí dheonacha? Bhuel chuaigh beirt ón gComhdháil chuig seimineár a bhí eagraithe ag An Roth (The Wheel) agus curtha i láthair ag Ivan Cooper. Is léir gur dhein an tUasal Cooper go leor oibre ar an ábhar mar bhí se in ann tagairt a dhéanamh do mionsonraí (agus fíor-mionsonraí casta a bhí i gceist) an bhille agus ceisteanna na n-eagraíochtaí deonacha a fhreagairt!


Ní pléifidh mé mionsonraí an bhille anseo ach má tá cheist ag aon duine ó earnáil dheonach na Gaeilge déanfaimid gach iarracht cabhair a thabhairt leo. Go príomh bunófar rialathóir na gCarthanas, beidh ar gach carthanas clárú leis an rialathóir. Leagtar síos sa bhille an mhíniú atá ann ar 'Charitable Purpose' agus tá sé sin leathan go maith ach fágadh grúpaí spóirt agus grúpaí atá ag déanmah abhchóideachta ar son cearta daonna ar lár, rud nach bhfuil an earnáil dheonach ró-shásta faoi ach is léir nach raibh an Roinn GPTG sásta géilleadh ar an gceist seo.


Beidh córas trédhearcach i bhfeidhm agus beidh an pobal in ann tuilleadh eolais a fháil faoi cúrsaí airgeadais sna carthanais mar chuid den bhille beidh rialú ann ar tiomsú airgead tirim agus tiomsú airgead eile ( mar shampla na 'Chuggers' a bhíonn ar sráideanna na tíre ag iarraidh airgid a thiomsú trí dhochar dhíreach (direct debit) Ina theannta sin beidh rialú ar daoine a bhíonn ag déanamh bailliúcháin éadaí agus daoine amhrasacha a mbíonn ag díol cártaí aifrinn agus mar sin de.


Tá an bille féin casta go leor agus tá go leor impleachtaí ann d' eagraíochtaí agus freagrachtaí curtha orthu ach gan amhras cahbhróidh an Bille go leor lena gcás agus beidh múinín ag an pobal as na seirbhísí atá á tairiscint ag carthanais , conas mar a tiomsaítear airgead agus conas mar a riartar iad.

No comments: