Déardaoin, Feabhra 19, 2009

Anois, cá chuireas mo bhróga rince...?


Bhí sé an-chiúin i saol na Gaeilge le dhá mhí anuas agus thug sé ardú croí dúinn ar fad a chloistint go mbeidh Club Gaeilge úrnua dírithe ar lucht labhartha na Gaeilge, lucht foghlama na teanga agus daoine ar spéis leo ceol Gaelach, ceol Domhanda amhránaíocht rince agus spraoi a tionólfar go rialta i lár na cathrach! Clun Sonas is teideal don chlub a reáchtálfar i Break for the Border ar an 26 Feabhra, Déardaoin seo chugainn!
láithreán gréasáin úrnua ag an club agus tá cur síos iomlán ar na himeachtaí atá le teacht sa tréimhse romhainn. Bhí áthas orainn nuair a chualamar go mbeadh an Corcaíoch cainteach é féin John Spillane, fair play dó ag casadh an chéad oíche eile. Táim ag súil go mór leis...an mbeidh tusa ann?

No comments: