Déardaoin, Feabhra 19, 2009

Cogar: Craoltóirí Neamhspleácha Raidió ar an eolas!


Foilsíodh eagrán eile don nuachtlitir leictreonach Cogar an tseachtain seo. Cuirtear ar fáil do chraoltóirí raidió fud fad na tíre go leictreonach í leis an aidhm an Ghaeilge a chur chun cinn san earnáil raidió.

Is tionscadal comhpháirtíochta í Cogar idir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann agus táimid buíoch dóibh as an tacaíocht leanúnach a chuirtear ar fáil dúinn.

Díríonn Cogar ar scéalta atá i mbéal an phobail, eachtraí na gcraoltóirí iad féin, na deacrachtaí a chuirtear os a gcomhair agus gan amhras ar dul chun cinn na Gaeilge san earnáil sin.
Tá sé beartaithe forbairt a dhéanamh ar Cogar mar sheirbhís eolais i mbliana agus cur leis an láithreán ghréasáin atá ann agus líonra shóisialta a chruthú idir na craoltóirí iad féin.
Má tá spéis agat Cogar a léamh tá sé ar fáil anseo Tá síntiús saor in aisce; cuir rphost chuig cogar@gaelport.com. Táimid i gcónaí ag lorg scéalta faoi cláir raidió agus sraith raidió nua i nGaeilge ó léiritheoirí neamhspleácha agus ó na stáisiúin raidió féin. Abair amach é!

No comments: