Dé hAoine, Meán Fómhair 14, 2007

Agus Cathair na Mart abú leis!

Níl aon amhras faoi dhíogracht coistí Bailte Slachtmhara fud fad na tíre: tá torthaí a gcuid oibre le feiceáil i ngach baile ó Leitir Ceanainn go dtí an tSnaidhm. Nach cliste an rud an díograis agus bród seo a tharraingt i dtreo na Gaeilge agus an uathúileacht a dtugann sí dár dtimpeallacht. The Mayo News - Tidy Towns: "The Bilingual Society award, under the National Special Award, acknowledges the promotion of the Irish language within the community. Huge efforts were made to encourage businesses and services to operate a bilingual policy. "This was always an element of the Tidy Towns and we are particularly pleased to have been chosen for it. Huge efforts have been made to put up both Irish and English signs around the town and it is fantastic to see businesses and services encouraging the use of the Irish language," said Eithne." Treaslaíonn an Chomhdháil le Cathair na Mart go háirithe agus iad ag oscailt a ndoirse do sluaite an Oireachtais ag tús mí na Samhna.

Déardaoin, Meán Fómhair 06, 2007

Contae an Mheirge abú!

An Lúnasa seo chaite d'fhoilsigh Údaráis Áitiúla an Chláir a scéim teanga (PDF) faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Níl mórán comhlacht poiblí a bhfaigheadh níos mó ná 10 aighneachtaí agus iad ag ullmhú dréacht scéim. Tá níos lú arís a bhfaigheadh 30. (Tá na staitisticí seo bunaithe ar an eolas a mbíonn sna scéimeanna féin.) Fuair Comhairle Chontae an Chláir 73 aighneacht! Trí scór is trí aighneacht déag! Sin ráite (agus is féidir tuilleadh a léamh faoi seo ar leathanach 7 den scéim) rinneadar cinnte go mbeadh an pobal ar an eolas faoin scéim trí cruinnithe poiblí a eagraú, foirmeacha aiseolais a chur ar fáil go fairsing agus ní amháin moltaí a gcustaiméairí seachtracha a lorg ach moltaí a gcustaiméairí inmheánacha a lorg leis.
An é go bhfuil níos mó eolais i gcoitinne faoin Acht Teanga agus a tionchar ar an nGaeilge? An é go bhfuil pobal na Gaeilge i gCo. an Chláir níos gníomhaí? Ábhar taighde measaim...
(Contae an Mheirge???)