Dé Céadaoin, Feabhra 25, 2009

irisí clóite ar an dé deiridh?

Cad atá i ndán don bhfoilsitheoireacht chlóite?

Níl an cuma ar an scéal go mbeidh sé láidir go leor amach anseo de réir na dtuairiscí atá foilsithe (aisteach go leor é seo) sna meáin chlóite gach lá.

Nuachtáin seanabhunaithe sna Stáit Aontaithe i mbaol, gearradh siar sna nuachtáin in Éirinn agus deireadh saoil sroichte ag cuid mhaith irisí nua.

Gan amhras i margadh beag na hÉireann tá sé níos deacra marachtaint agus brábús a dhéanamh ar droim phobail sainspéise go háirithe i réimse an cheoil, faisin- rudaí 'fánacha' mar sin. Tá a fhios ag a saol agus a mháthair nach bhfuil an t-airgead sa bhreis -ioncam indiuscartha (disposable income) ag daoine na laethanta seo.

Mar sin bhí spéis agam sa scéal a fhoilsíodh ar State Magazine maidin inniu ar rá go bhfuil iris cheoil eile tithe i léig agus nach mbeidh sé ar fáil ach ar an idirlíon as seo amach. Luaitear irisí eile a bhí ar fáil go dtí le gairid-Foggy Notions, Mongrel, The Event Guide agus State iadféin nach bhfuil foilsithe i gcló a thuillleadh ach mar is léir tá State ar fáil ar an idirlíon anois.

Is mór an trua é sin, chuir na hirisí seo léargas agus dearcadh as an ngnáth ar fáil -cur chuige úr agus óg agus tá an roth ag casadh arís sa choai nach bhfuil ach na hirisí seanbhunaithe, traidisiúnta ar nós Hotpress ar fáil go forleathan sna siopaí anois.

Bhuel conas mar a bhaineann sé seo leis an nGaeilge? Tá plé ar seo ar Blag de chuid Chonchubair Ó Liatháin, iGaeilge fear a bhfuil seantaithí aige ar na méain chlóite agus anois tá an réalta ag ardú sna meáin úra chomh maith, níl daoine sásta le cur chuige ag Comhar agus iad ag déanamh comparáide idir í agus Nós.

Mar a tharlaíonn i saol na Gaeilge go minic in ionad a bheith ag tabhairt amhach faoi foilseacháin eile na leathanta seo b'fhéidir go bhfuo gá anois tacaíocht a léiriú.

mar cé go bhfuil irisí ar nós Comhar agus Foinse ag fáil tacaíocht Stáit anois ní fios go díreach cad atá i ndán dóibh amach anseo, os rud go mbítear ag brath ar spriocphobal beag sainspéise.

ach tá rud amháin soiléir, tá gluaiseacht ann i dtreo an idirlín agus is deacair é sin a sheachaint anois.

caithfimid go léir glacadh leis mar is é sin an bealach cumarsáide is fearr atá againn anois mar phobal Gaeilge.

No comments: