Déardaoin, Feabhra 19, 2009

Comórtas Filíochta an Chuairt- Ar ais i mbliana!


Bhuel, ní raibh an deis againn an scéal is déanaí faoin gcomórtas filíochta Ghaeilge a foilsiú níos luaithe sa bhlag seo! (Táim ag déanamh iarracht níos mó é a nuasonrú go minic, sprioc mhí Feabhra ar aon nós)

Ach seo anois ná mionsonraí má tá sibh ag iarraidh iarratas a chur isteach! Is comórtas filíochta dhátheangacha atá i gceist, agus is féidir le filí dánta nua-chumtha i nGaeilge nó i nGàidhlig na h-Alban a chur isteach ar an gcomórtas, ach leagan Béarla a chur ar fáil chomh maith.

Agus is fiú iarratas a chur isteach mar tá duais maith le buachan EUR500 agus foilseofar an dán i nuachtlitir na Comhdhála i mí Bealtaine agus san irisleabhar Comhar. Níl aon táille iontrála i gceist don chomórtas seo, agus níl aon srian maidir le hábhar, fad, téama nó stíl. Glacfar le hiarratais trí ríomhphost amháin, roimh 03 Aibreán 2009 ach teagmháil a dhéanamh le Síle Ní Chatháin ag sile@comhdhai.ie ar dtús.

Tá mo chomhghleacaí Síle an-ghnóthach i láthair na huaire ag reáchtáil Cuairt na bhFilí Is scéim cheilteach sean-bhunaithe thábhachtach í An Chuairt, atá ar siúl i mbliana ón 20-25 Aibreán 2009. Tá meas mór ag muintir na Gaeilge agus na Gàidhlige ar an gCuairt, ach go háirithe ag filí, ceoltóirí, agus amhránaithe an dhá traidisiúin atá fite fuaite lena chéile. I measc na bhfilí agus ceoltóirí mór le rá ar ghlac páirt sa Chuairt cheana bhí Somhairle MacGill Eain, Cairstíona Primrose, agus Floraidh Nic Neill.

I measc na bhfilí agus na gceoltóirí Éireannacha a chuaigh ar an gcuairt go hAlbain, bhí Máirtín Ó Direáin, Caitlín Maude, Colm Breathnach, Louis de Paor, Máiréad Ní Mhaonaigh, Seosamh Mac an Iomaire, Lasairfhíona Ní Chonaola, Bríd Ní Mhóráin agus Cathal Ó Searcaigh.

Is go hAlbain a chuaigh an duais anuraidh chuig file darb ainm Niall Gordon (eisean sa phictiúr thuas) lena dhán ‘Rannan na Bliadhna’ agus is cinnte go mbeidh gach iarracht á dhéanamh ag filí na hÉireann an duais a thabhairt ar ais go hÉirinn i mbliana.

Roghnófar an t-ocht dán nua-chumtha is fearr sa chomórtas sei i gcibé teanga (Gaeilge nó Gàidhlig) agus gheobhaidh an t-údar deis a dhán a léamh ag oíche mhór an Chomórtais in Áras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge le linn na féile Cuairt na bhFilí.
Má tá cheist ar bith agat maidir leis an comórtas seo déan teagmháil le Síle anseo sa chomhdháil trí ríolmphost a chur chuig sile@comhdhail.ie

No comments: