Dé Máirt, Feabhra 27, 2007

Stádas na Gaeilge agus An Ghaeilge sa Phobal

Lorcán Mac Gabhann, Glór na nGael, Riachtanais phobail

Ní comórtas naísiúnta amháín atá i gceist le Glór na nGael: is coistí atá ag feidhmiú ar bhonn deonach chun an Ghaeilge a cothú go háitiúil. Bíonn meascán leathan de imeachtaí agus tionscnaimh curtha ar siúl ag na coistí seo.

An bhfuil sé realaíoch go mbeidh na coistí seo ag feidhmiú gan tacaíocht? Gan an obair dheonach seo ní bheadh Gaeilge chomh fairsing ach gan tacaíocht lán-aimseartha atá maoinithe i gceart conas is féidir leo tionchar a imirt ar chomlachtaí agus eagraíochtaí eile AGUS ábhar agus imeachtaí a chur ar fáil don bhfoghlaimeoir agus cainteoir Gaeilge.

Ní leor na hacmhainní atá curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge do scéimeanna pobail.
Caithfear tacaíocht airgid ceart a chur ar fáil do na coistí bunaithe scoileanna nua. Tá an eagla ann go mbeidh monaplacht ag na coistí gairmoideachais ar scolaíocht iarbhunscoile agus ní féidir leis na coistí beaga gabháil in iomaíocht leo.

Helen Ó Murchú, Cathaoirleach
Go gcuirfí brú ar rialtas na Breataine glacadh le Comhaontas Cill Rímhín
Chuir an cathaoirleach ceist ar na toscairí an bhfuil siad sásta tacú le moltaí POBAL faoi Acht Teanga don tuaisceart agus dúradh go raibh.

No comments: