Dé hAoine, Feabhra 16, 2007

Suíomh na Gaeilge

Agus eolas á bhailiú faoina bpáirtithe polaitiúla uile, thug mé cuairt ar a suíomhanna idirlíne féachaint an raibh polasaí i leith na Gaeilge foilsithe acu ar a suíomhanna. B'fhiú bheith cinnte go bhfuil tuiscint maith againn ar meonta na bpolaiteoirí ar an 27ú. (Bhí mé ar tí meon a scríobh ach sin an uimhir uatha... :D)

Seo mar a sheasann rudaí (in ord aibítir)
An Comhaontas Glas - cé go dtugtar "The Green Party/ An Comhaontas Glas" orthu féin síos tríd an suíomh in iomlán, níl, de réir an tsuímh, polasaí ar leith faoin nGaeilge ag an bpáirtí seo. Tháinig mé ar an abairt seo mar chuid den bpolasaí Ealaíon agus Cultúr "Supporting traditional arts and arts/culture/heritage ventures in languages other than in English is seen by the Green Party as part of an Arts Council Brief to support and sustain cultural diversity. As we believe that the Irish Language is central to Irish identity we recommend that the Department of the Gaeltacht should have a separate department too."

Fianna Fáil - Cé go bhfuil Gaeltacht Affairs le feiceáil ar an líosta polasaithe nuair a bhuailtear isteach ann níl aon polasaí leagtha amach - níl ann ach liosta preas ráitisí agus foilsíodh an ceann deireanach i Mí na Samhna seo chaite.

Fine Gael - Arís tá cuid ar leith den suíomh ina féidir polasaithe an pháirtí a scrúdú agus áit ar leith den Ghaeilge. Ach nuair a dhíritear isteach ar Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta is preas ráitis atá ann arís in ionad cáipéis polasaí. Agus is i Mhí Bealtaine 2006 a foilsíodh an ráiteas deireanach faoin nGaeilge...

An Páirtí Daonlathach - Cé go bhfuil mír ar leith ar an suíomh seo faoi polasaithe ní raibh mise abalta teacht ar aon pholasaí i leith na Gaeilge.

Páirtí an Lucht Oibre - ní raibh mé abalta teacht ar aon ní faoin nGaeilge ar an suíomh. Rós mór dearg don té a chuireann sa treo ceart mé.

An Páirtí Sóisialach - ditto ach corrán in ionad rós mar dhuais.

Sinn Féin - An t-aon suíomh le rogha Gaeilge nó Béarla. Tá mír ar leith ann do pholasaithe agus do "Teanga agus Cultúr na hÉireann" ina bhfaightear achoimre ar a bpolasaithe agus na polasaithe in iomlán.

1 comment:

Darren J. Prior said...

Tá suíomh idirlíon dátheangach as An Comhaontas Glas anois. Tá ceann ag Fianna Fáil, Sinn Féin agus An Páirtí Cummanach na h-Eireann chomh maith.