Dé Céadaoin, Iúil 11, 2007

Tóstal 2008 - nocht do thuairim

Eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Tóstal na Gaeilge gach dhá bhliain. Bíonn sé ar siúl i nGaillimh de ghnáth. Bíonn téama ar leith gach bliain (2002: Cearta Phobal na Gaeilge agus Olltoghchán 2002; 2004: Reachtaíocht, Stádas agus Pleanáil; 2006: An Chéad Ghlúin Eile).

Tá dáta socraithe do Tóstal 2008: 22 - 23 Feabhra 2008.

Nocht do thuairim linn i leith téamaí do Tóstal 2008 nó déan moltaí i leith cainteoirí, ábhair plé, ceardlanna nó rudaí gur mhaith leatsa feiceáil/ cloisteáil ag an Tóstal.

3 comments:

Darren J. Prior said...

Ba chóir díobh caint a chur le chéile i leith margaíocht na Gaeilge. Beadh Pádraig O' Cuanacháin ó Ghael-Taca i gCorcaigh an duine is fearr chun labhairt ar an ábhar.

Gaelport said...

Bhuel sin tús ar an bplé ar aon nós! Nó an dóigh libh go m'bhfearr fuil nua i bhfoirm saineolaí seachtrach a lorg? .i. duine nach bhfuil ag plé leis an nGaeilge go hiondúil agus b'fhéidir a bheadh in ann súil úr a chaitheamh ar an gceist?

Darren J. Prior said...

Aontáim go ba chóir duine/daoine mar sin a bheith ann. Ach beadh Pádraig O' Cuanacháin an duine is fearr i leith margaíocht na Gaeilge.

An gcuimhin tú nuair a raibh David McWilliams ag labhairt faoi margaíochta na Gaeilge ag an ceann deireanach? Beadh POC níos fearr. Beadh ionadaí ó Gaillimh Le Gaeilge agus Forbairt Feirste iontach mhaith freisin.

Beidh mé ag smaoineamh faoi daoine eile ach ní féidir liom teacht ar aon saineolaí nach mbíonn ag plé leis an Ghaeilge go hiondúil fós.