Déardaoin, Iúil 19, 2007

Eilifint Mhór sa seomra

Agus Uachtaráin na Comhdhála P T Mac Ruairí ag tagairt den alt "Cúlú ón Acht" i bhí in Eolas@Gaelport.com nuachtlitir na Comhdhála ar an Máirt (17.07.2007) agus an eagarfhocal a scríobhadh ina leith i Lá Nua ar an gCéadaoin, "Ná chothaítear an 'Eilifint Bhán'" bhí an méad seo le rá aige:

Ábhar iontais dom Comhdháil Náísiúnta na Gaeilge a bheith cáinte in eagarfhocal Lá Nua 18 Iúil toisc go bhfuil muid - mar lárchomhairle 23 eagras deonach Gaeilge - ag seasamh an fhóid maidir le feidhmiú iomlán Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas.
Más "dearcadh stálaithe seanfhaiseanta" atá léirithe againn san obair seo, níor mhaith liom an léirmheas a ndéanfaí orainn dá dtabharfadh muid droim láimhe le feidhmiú an Achta a shamhlú!

Molann Lá Nua éirí as fógraí Gaeilge sna meáin Bhéarla - rud ab ionann i gcoitinne agus an Ghaeilge a ruaigeadh ar fad as a bhformhór - agus gur sna meáin Ghaeilge amháín a bheadh fógraíocht trí Ghaeilge.

Céard faoi sin mar bhealach chuig normalú na teanga - an Ghaeilge a chúngú isteach ina 'ghetto' beag féin? Agus táimid ag iarraidh ag an am céanna ar gach rannóg den Státchóras seirbhís iomlán Ghaeilge a chur ar fáíl dúinn; ní thagann atá molta ag Lá Nua leis an aidhm sin. Ba mhaith linn uilig nach gcuirfí airgead Stáit amú agus aontaimid nach bhfuil a leordhóthain á chaitheamh ar an dóigh ceart ar athréímniú na Gaeilge. Tacaímid uilig le mian Lá Nua agus na meáin Ghaeilge eile go bhfaighidis sciar níos fearr den airgead atá le caitheamh ag an Stát ar fhograí ach níl ciall lena atá molta san eagarfhocal seo.
Tagrann an t-eagarfhocal do na meáin Bhéarla "a bhíonn de shíor ag ionsaí phobal na Gaeilge faoi stádas na teanga" ach tagann go leor soncanna freisin ó na meáin Ghaeilge ar uaire agus ní miste sin ar mhaithe le díospóireacht agus daonlathas - agus, ar ndóigh, ainilís chiallmhar a dhéanamh ar na "hEilifint Bhána" uilig.
Beir bua
P T Mac Ruairí
Uachtarán
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

No comments: