Dé Luain, Iúil 30, 2007

Gaeilge do na Gaelgeoirí?

Tá Vótáil ar suíomh an Irish Independent leis an gceist "Should all-Irish primary schools be forced to teach English from the start of second-term of junior infants?" Ag an am gur bhreathnaigh mé féin ar bhí 64% ag rá gur chóir ach níor chóir go gcuireadh an saghas sin toradh ó léitheoirí an Indo íonadh ar éinne ! Nocht do thuairim ag Independent.ie

Dé hAoine, Iúil 27, 2007

Cur chuige 'á la carte' an Aire

Ó Gaelport.com :
Is le hiontas a chloiseann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil cinneadh déanta ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta Mary Hanafin T.D. go mbeidh ar Gaelscoileanna leath uair Béarla a mhúineadh ó Eanáir den chéad bhliain bunscolaíochta ar aghaidh ag tosnú an Meán Fómhair seo.
Féach na gearrthóga nuachta ar dheas freisin.

Gaeilge breá Singapore

Fuair mé litir inniu a tháinig ó Bhéal Feirste de réir an mharc phostais. Cuireadh sa phostas ar an 15 Iúil de réir an mhairc céanna. Baile Átha Cliath 2 a bhí mar líne deireadh ar an seoladh. Stampáilte ar bun an tseolta bhí "MISSENT TO SINGAPORE". Tá níos mó den domhain feicthe ag an gclúdach sin ná mar atá agamsa!

Dé Céadaoin, Iúil 25, 2007

Daniel Cassidy: How the Irish Invented American Gambling Slang

Chuala mé an fear Méiriceánach seo ag labhairt ar "The Last Word" le Matt Cooper ar TodayFM tráthnóna inné. Chuala mé trácht air cheana nó léigh mé faoi ar an idirlíon ar suíomh cumann Éireannach éigin i SAM. Dar le Matt Cooper beidh an fear seo freagrach as athbheochan an teanga... Cibé rud faoi sin tá tuairimí spéisiúla aige faoi rian na nGaeilgeóirí ar Bhéarla Tuaisceart Mhéiriceá. Tuilleadh ó Daniel Cassidy: How the Irish Invented American Gambling Slang: "How the Irish Invented American Gambling Slang. The Sanas (Irish Etymology) of Faro, Poker and the Secret Flash Words for the Brotherhood of American Gamblers By DANIEL CASSIDY"
Éist le agallamh Matt Cooper, RealPlayer de dhíth, ag 42 nóim. 52 soic.

Dé Luain, Iúil 23, 2007

Donegal actor tipped to become 'Elmo' in Sesame Street

 ó The Donegal News: "A DONEGAL actor is hotly tipped to be cast as Elmo in an Irish-language production of Sesame Street.
It is highly expected that Vincent MacAodh will be offered the role by US television executives who are currently vetting hundreds of Irish actors to star in the new programme. The Gweedore actor is favourite to play the part of the furry red monster as he already plays the lead in TG4's 'Elmo Anseo'. "

Dé hAoine, Iúil 20, 2007

University Of Ulster News Release - Fostering the Irish Language at UU

University Of Ulster News Release - Fostering the Irish Language at UU: "“Studying Irish can open many doors and many of our graduates have gone on to pursue interesting and lucrative careers. Among the University’s Irish graduates are a television broadcaster and producer; an inspector of schools; a Raidio na Gaeltachta presenter; an Executive Officer in the Department of the Gaeltacht; college lecturers and teachers; and a librarian at the Cardinal Ó Fiaich library in Armagh."

RTÉ News: Ó Cuív condemns leaking of report

RTÉ News: Ó Cuív condemns leaking of report: "Ó Cuív condemns leaking of report
Thursday, 19 July 2007 21:43
Minister for Community, Rural & Gaeltacht Affairs, Éamon Ó Cuív, has said that the leaking of the linguistic study on the state of the Irish language in the Gaeltacht was wrong."

Déardaoin, Iúil 19, 2007

Eilifint Mhór sa seomra

Agus Uachtaráin na Comhdhála P T Mac Ruairí ag tagairt den alt "Cúlú ón Acht" i bhí in Eolas@Gaelport.com nuachtlitir na Comhdhála ar an Máirt (17.07.2007) agus an eagarfhocal a scríobhadh ina leith i Lá Nua ar an gCéadaoin, "Ná chothaítear an 'Eilifint Bhán'" bhí an méad seo le rá aige:

Ábhar iontais dom Comhdháil Náísiúnta na Gaeilge a bheith cáinte in eagarfhocal Lá Nua 18 Iúil toisc go bhfuil muid - mar lárchomhairle 23 eagras deonach Gaeilge - ag seasamh an fhóid maidir le feidhmiú iomlán Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas.
Más "dearcadh stálaithe seanfhaiseanta" atá léirithe againn san obair seo, níor mhaith liom an léirmheas a ndéanfaí orainn dá dtabharfadh muid droim láimhe le feidhmiú an Achta a shamhlú!

Molann Lá Nua éirí as fógraí Gaeilge sna meáin Bhéarla - rud ab ionann i gcoitinne agus an Ghaeilge a ruaigeadh ar fad as a bhformhór - agus gur sna meáin Ghaeilge amháín a bheadh fógraíocht trí Ghaeilge.

Céard faoi sin mar bhealach chuig normalú na teanga - an Ghaeilge a chúngú isteach ina 'ghetto' beag féin? Agus táimid ag iarraidh ag an am céanna ar gach rannóg den Státchóras seirbhís iomlán Ghaeilge a chur ar fáíl dúinn; ní thagann atá molta ag Lá Nua leis an aidhm sin. Ba mhaith linn uilig nach gcuirfí airgead Stáit amú agus aontaimid nach bhfuil a leordhóthain á chaitheamh ar an dóigh ceart ar athréímniú na Gaeilge. Tacaímid uilig le mian Lá Nua agus na meáin Ghaeilge eile go bhfaighidis sciar níos fearr den airgead atá le caitheamh ag an Stát ar fhograí ach níl ciall lena atá molta san eagarfhocal seo.
Tagrann an t-eagarfhocal do na meáin Bhéarla "a bhíonn de shíor ag ionsaí phobal na Gaeilge faoi stádas na teanga" ach tagann go leor soncanna freisin ó na meáin Ghaeilge ar uaire agus ní miste sin ar mhaithe le díospóireacht agus daonlathas - agus, ar ndóigh, ainilís chiallmhar a dhéanamh ar na "hEilifint Bhána" uilig.
Beir bua
P T Mac Ruairí
Uachtarán
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Fíorú na brionglóide

Beidh spéis ag baill eile den "tiny clique of geeks" sa nuacht seo ó Eurolang (agus ag máirenímhurchú.ie ar ndóigh)
Eurolang - Swedish internet domain introduces minority language letters for the Net: "The Swedish internet domain .se has introduced new letters that include the minority language alphabet. Since 2003 it has been possible to register SE. domains with å, ä, ö, é and ü. Now, the coverage has grown from 42 letters to almost 200, covering all the letters from Sweden’s minority language alphabets.

In Finland, the Finnish fi. domain has accepted Sámi letters as part of the alphabets used in their domains. "

Dé Céadaoin, Iúil 18, 2007

Ceist... agus freagra

Bhí Éamon Ó Cuív mar aoi ar "Questions and Answers" ar RTÉ ar an Luain. Cuireadh an ceist seo a leanas air "Minister Ó Cuív, are you embarrassed that 46% of students in Gaeltachts have little or no Irish?". Is féidir teacht ar a fhreagra anseo (RealPlayer de dhíth). Tá freagraí ann ón bpainéal agus an lucht féachana freisin.

Iarradh ar an gComhdháil an tseachtain seo chaite ráiteas a dhéanamh i leith an tuairisc seo a sceitheadh le Foinse. Cosúil le roinnt dóibh ar an bpainéal conas is féidir aon ní a rá i leith tuairisce nach bhfuil feicthe againn?

Tá plé tosaithe cheana faoin gceist seo ar IrishElection.com.

www.máirenímhurchú.ie? I do bhrionglóidí...

Copacetic » Blog Archive » IEDR - Only we can prevent the Internet: "The IEDR continues to convince itself and nobody else of its value with its latest hint that it will “allow personal names”. The people who run IEDR continue to delude themselves that they are running a valuable service by tripling the price of .ie domain registration (compared to domains like .be and .dk) along with the imposition of punitive controls over the allocation of elements of the namespace."

Rud eile a bhfuair mé amach le déanaí faoin IEDR ná nach gceadaíonn siad síntí fada. Cén fáth? "Nobody has asked for them." Bhuel má's spéis leat d'ainm ceart a chlárú, gach Máire agus Seán amuigh ansin déan teagmháil leo ag www.iedr.ie.
(Admhaím gan náire gur chuid den "tiny clique of geeks" mé)

Dé Máirt, Iúil 17, 2007

Cúlú ón Acht

Eolas@Gaelport.com - nuachtlitir choicísiúl pobal na Gaeilge na coicíse seo ar fáil anois ar líne Cúlú ón Acht

Dé hAoine, Iúil 13, 2007

Léirmheas ar "Dreuchd an Fhigheadair/The Weaver’s Task: a Gaelic Sampler"

Bhí Crìsdean ar an gCuairt faoi thrí thar na blianta; b'í Cuairt 2005 an uair deireanach. : : drb.ie – dublin review of books : :: "Brave New Words
Peter Mackay: Scottish Gaelic Poetry
Dreuchd an Fhigheadair/The Weaver’s Task: a Gaelic Sampler, edited and introduced by Crìsdean MhicGhillebhàin/Christopher Whyte, Scottish Poetry Library, 64 pp, £5.00, ISBN: 978-0953223589

out here in front of a tiny audience
of halfhearted seals applauding

It is almost obligatory when talking about Scots Gaelic to begin with a number. In 2001 it was 58,652. Writing ten years ago, you would have got to bandy about a bigger figure – 65,978; in 1911, the heady – and bafflingly precise – heights of 202,398. These are, of course, the numbers of speakers of Scots Gaelic, according to the relevant census figures. Given this starting point, the number of readers of Gaelic poetry is not exactly gargantuan. When challenged, Sorley MacLean – the greatest Scots Gaelic poet of the twentieth century – denied that the number of people who could read his poetry in the original was less than forty; however he did grudgingly admit that his readership was “limited”. And one of the dangers of having such a “limited” audience is that, like the halfhearted seals in Robert Crawford’s translation of a poem by Fearghas MacFhionnlaigh, they will applaud almost anything. "

The purpose of language is to communicate - Letters - News - Belfast Telegraph

The purpose of language is to communicate - Letters - News - Belfast Telegraph: "The purpose of language is to communicate
Thursday, July 12, 2007
I might have expected to raise a hackle or two when my letter about the Irish language (Write Back, July 2) was printed, but I fear that Sean O Coinn (Write Back, July 5) rather misses the point. "

Déardaoin, Iúil 12, 2007

RnaG 'yields' under Irish college English songs ban - Galway Independent

Galway Independent: "A Raidio na Gaeltachta (RnaG) show, which was due to be broadcast last week from Coláiste Chamuis, an Irish college in Rossaveal, could not go ahead because English language songs are played on the show. "

Dé Céadaoin, Iúil 11, 2007

Tóstal 2008 - nocht do thuairim

Eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Tóstal na Gaeilge gach dhá bhliain. Bíonn sé ar siúl i nGaillimh de ghnáth. Bíonn téama ar leith gach bliain (2002: Cearta Phobal na Gaeilge agus Olltoghchán 2002; 2004: Reachtaíocht, Stádas agus Pleanáil; 2006: An Chéad Ghlúin Eile).

Tá dáta socraithe do Tóstal 2008: 22 - 23 Feabhra 2008.

Nocht do thuairim linn i leith téamaí do Tóstal 2008 nó déan moltaí i leith cainteoirí, ábhair plé, ceardlanna nó rudaí gur mhaith leatsa feiceáil/ cloisteáil ag an Tóstal.

Dé Máirt, Iúil 10, 2007

Bunteanga na tíre

Tharraing stiúrthóir gníomhach na Comhdhála, Pádraig Ó Ceithearnaigh m'aird ar alt i Lá na seachtaine seo chaite. Tuigim go maith an tuairim thíos tar éis mír faoina logainmneacha i mBaile Átha Cliath a léiriú ar Raidió na Life ag tús an bliana.

"Caithfear anailís a dhéanamh ar áit na Gaeilge i saol an ghasúir, agus ar na bealaí a mhéadófaí ar thábhacht na Gaeilge dó. Cuirimis an cheist orainn féin, cén fáth an bhfoghlaimeodh Éireannach (óg nó aosta) teanga?
Cén fáth an gcuirfeadh Éireannach dua air an teanga sin a fhoghlaim go maith? Más féidir saol iomlán Éireannach a chaitheamh trí Bhéarla, cén chúis a bheadh ag duine le Gaeilge in aon chor? Níl aon chúis ann, muna bhfuil nithe ar fáil sa teanga sin nach bhfuil ar fáil i mBéarla.
Agus cad iad na nithe san? Is cinnte go bhfuil saibhreas sa Ghaeilge a bhaineann go dlúth le hÉirinn nach bhfuil ar fáil (fós) i mBéarla. Tá na hamhráin ann, agus is beag baile beag in Éirinn nach bhfuil luaite in amhrán éigin.
Tá na seanscéalta ann, scéalta as an tseanlitríocht (an Rúraíocht, an Fhianaíocht, Scéalta na Ríthe, agus mar sin de) agus scéalta béaloidis. Arís, is beag baile beag in Éirinn nach bhfuil luaite i scéal éigin. Agus sin é ár mbua: is í an Ghaeilge seanteanga bhunaidh na hÉireann, is inti atá cur síos le fáil ar ár stair, ar ár muintir, ar ainmneacha ár mbailte, ár n-aibhneacha is ár sléibhte. Is í bunteanga na tíre seo í." Ó Lá 29.06.2007

Ní féidir argóint leis sin!

Éamon Ó Cuív agus teorainneacha na Gaeltachta

Ag seoladh tuarascáil maidir le teorainneacha Gaeltachta foilsithe ag Conradh na Gaeilge labhair Éamon Ó Cuív le Séamus Mac Donnchadha RTÉ Raidio na Gaeltachta: Adhmhaidin. Cloisfear an t-agallamh ag 41 noiméad agus tá an mír anseo. Tá RealPlayer de dhíth.

Ina dhiaidh an agallaimh sin cloisfear Pádraig Ó Cuanacháin ag labhairt faoi feachtas Gael Taca le AIB i leith a íomhá corporáideach. Is balleagraíocht de chuid na Comhdhála iad Gael Taca.

Dé Luain, Iúil 09, 2007

Cathal Ó Searcaigh á n-aistriú go Neipealach

Tá an file aitheanta Éireannach a scríobhann i nGaeilge aitheanta anois ag a dhara muintir .i. muintir Neipeal, áit a chaitheann sé leath na bliana.
The Rising Nepal: "TRANSLATING ACROSS CULTURES!
By Ananda P Srestha
Cathal O' Searcaigh has been described by The Irish Times as 'one of Ireland's finest working poets.' "

Dara O'Briain's gift for 'joke growing'

I measc rudaí eile in agallamh sa Telegraph le déanaí labhraíonn Dara Ó Briain faoina ainm Gaelach. Is léir gur céim ró-fhada an síne fada!
Dara O'Briain's gift for 'joke growing' Comedy Stage Arts Telegraph: "Also, that surname was hardly conducive to becoming talk of the town. “It’s the Gaelic form of O’Brien. My dad was involved in the Irish language movement, so he decided to translate the name into Irish. It is unwieldy, I give you that. Even Irish people get it wrong.” "
Is dócha go bhfuil baint ag a thuiscint ar an nGaeilge leis a ghreann freisin. Cad a cheapann sibh?

Dé Céadaoin, Iúil 04, 2007

Fear na litreacha

Tá DLitt Oinigh á mbronnadh ar Cathal Goan ag Ollscoil Uladh. Bhí sé i measc na h-aoicainteoirí ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag Tóstal 2006. Feicim freisin go bhfuil Ollscoil Uladh ag bronnadh céim oinigh ar Enya leis. Sin a dara ceann di an tseachtain seo - bronnadh céim oinigh uirth i Ollscoil na hÉireann Gaillimh an Aoine seo chaite.

RTÉ.ie Entertainment: Honorary degree for RTÉ's Cathal Goan: "Honorary degree for RTÉ's Cathal Goan

Cathal Goan, Director-General of RTÉ, will today receive the honorary degree of DLitt (Doctor of Letters) in recognition of his services to Irish language broadcasting and the media industry in Ireland."

RTÉ News: Few native speakers at Gaeltacht preschools

RTÉ News: Few native speakers at Gaeltacht preschools: "Few native speakers at Gaeltacht preschools
Tuesday, 3 July 2007 17:20

A study seen by RTÉ Nuacht shows that not one native Irish speaker was amongst the 84 children attending naíonraí, or Irish-language preschools, in the Mayo Gaeltacht last year."

Éist le Cathal Mac Coille ag labhairt leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D. ar maidin. (Real Player de dhíth)