Dé Máirt, Deireadh Fómhair 09, 2007

Beagnach 1.66 Milliún duine le Gaeilge ar a dtoil acu!

Gaelport.com - An nuacht is déanaí: "Rud spéisiúil a léiríonn na staitisticí ná go bhfuil níos mó ban in ann an teanga a labhairt (45.3%) i gcomparáid leis na fir (38.4%) Agus arís bhí labhairt na Gaeilge níos treise i measc na mban i ngach aon aoisghrúpa sa daonáireamh go háirithe i measc an aosa óig idir 15-19 mbliana d'aois. Beidh impleachtaí móra aige go háirithe má leanann an treocht seo ó thaobh fhorbairt na teanga de i ngach cuid den phobal agus sa chóras oideachais."
Nach raibh taighde éigin ann a bhfuair amach go ar mná agus máithreacha go speisialta a thiteann an freagracht ó thaobh cothú teanga? Nach é sin an fáth gur dhírigh an feachtas www.teangafein.ie ar mná ní ach go háirithe?
Nocht do thuairim linn - brúigh ar an nasc "nóta tráchta" thíos.

5 comments:

Panu said...

Ó bhuel, ní thaispeánann na figiúirí sin a dhath, ach amháin go raibh an ceart ag Pól Ó Muirí nuair a dúirt sé go mbeadh formhór mór na nÉireannach sásta an braon a chaitheamh siar dá mbeadh sé indéanta Gaeilge phaiteanta a fhoghlaim trí dheoch draíochta a ól.

Is féidir glacadh leis go bhfuil cuid mhór Gaeilgeoirí teipthe amuigh ansin a mb'fhéidir dúinn, mar lucht cúise, iad a spreagadh chun an teanga a úsáid. Ceist eile is ea é, cad is cúis leis nach bhfuil éirithe linn é sin a dhéanamh. An ar na meáin Bhéarla atá an milleán go léir, ó nach bhfuil siad sásta cúrsaí na Gaeilge a phlé go ceart cothrom (in áit a bheith ag foilsiú bréaga agus míthuiscintí ó ''phundits'' leathmhagaidh, cosúil le Kevin Myers, nach bhfuil fios a ngnó acu), nó an ar lucht na gluaiseachta Gaeilge is mó atá an locht, ó nach bhfuilimid ábalta an teanga a chur os comhair na sluaite móra in Éirinn?

Anonymous said...

Ta suim agam sa ghaeilge, taim im chonai anois thar lear , agus nil faghta agam ach gaeilge bacach.

Ceapaim go bhfuil an ceart ag an beirt agaibh..go bhfuil lion mor daoine ann leis an gaeilge...agus go bhfuil siad reasunta broduil as an Gaeilge chomh maith .

In ainneoin sinn ceapaim go bhfuil cupla rudai a tharla..se sinn 1. nach bhfuil ach idir cupla focal agus gaeilge briste ag an mhormhor acu..den milun i leith....2.nil muinin acu iontu fein agus 3.nil se "gneasuil" no cibe focal air.

Nil an muinin ann gur ceart go leor "day to day business" a dheanamh tri mhean na ngaeilge..sna baile bheaga ina ceanntar fein.

Caithfar daoine a spreagadh nuir a bhionn an gaeilge is mo acu ..nuair a bhion siad og agus "idealistic" se sinn ag deireadh na meanscoil....clubanna gaeilge leis an GAA no i dtithe tabhairne...i dtreo is go mbeadh seans ann chun an gaeilge a neartu...Labhrofidh daoine nios mo ghailge nuair a fheiceann siad daoin eile a labhairt...

Bhios ag feachaint ar TG4 ar an idirlion ...agus ta claracha alainn iontacha ann...Da mbeadh aiteanna soisialta le caint ..Regularly..bhfeadh seans ann..

Go neiri libh.Go mo leithsceal ar mo chuid ghaeilge.

Odhran

Anonymous said...

Ag magadh atá sibh leis an tsuirbhé sin? An bhfacaidh sibh an clár ’No Béarla’? Sin Gaeilgeoir a thaistil ar fud na Galltachta gan focal Béarla ar bith a dh’úsáid, le feiceáilt cá mhéid Gaeilgeoir a gheobhadh sé. Agus chan fhuair sé mórán!
Níl an cheist cruinn go leor. Bheadh an chuid is mó do na hÉireannaigh sásta a dh’inse go bhfuil Gaeilg ar a dtoil acu, ach tá mé cinnte nach bhfuil ach cupla focal acu agus nach bhfuil siad ábalta abairt ar bith a chumadh ná Gaeilgeoir dúchais ar bith a thuigbheáilt.
Mar a d’úrt duine eile ar fhóram Ghaeilge: má deireann tú ’Dia duit’ uair sa lá, thig leat a ráidht go labhrann tú Gaeilg achan lá.
Ba chóir taighde níos fearr a dhéanamh ó thaobh na teangtha dó. Níl ciall ar bith le torthaí ’n tsuirbhé sin, dáiríribh. Chan iad na ceastracha cearta a cuireadh ar an phobal. Dá gcuirfí ceist mar "cad é an teangaidh lenar tógadh thú?", agus "an dtuigeann tú a n-insíthear ar Raidió na Gaeltachta", tá mé cinnte go bhfuighfí torthaí níos clósáilte don fhírinne.
Ádh mór.

Anonymous said...

Níor chuir éinne ceist ormsa...!

~_~. Maidhc in Philadelphia

Gaelport said...

1.66m + 1 mar sin!

"ó nach bhfuilimid ábalta an teanga a chur os comhair na sluaite móra in Éirinn?" - Dar liom féin (agus ní aon rud nua atá anseo) tá an-iomarca iomaíocht ag an nGaeilge chun ard "na sluaite móra" a tharraingt uirthi. Ní dóigh liom go mbeadh an buiséad céanna cumarsáide ag aon ceann de na heagraíochtaí is atá ag a leithéidí Concern mar shampla gan chaint ar na Vodafones srl.! Caithfidh earnáil na Gaeilge bheith cruthaitheach agus caithfimid úsáid a bhaint as na hacmhainní atá againn i mbealaí cliste. Caithfimid ár bhfeachtais a bheith sainiúil agus dírithe in ionad iarracht "na sluaite móra" a shásamh.

Sin ráite nuair a chuireann éinne ceist ormsa faoi spriocmhargadh do Gaelport.com deirim 1.66milliún!

Lughaidh - dá bhfreagróinn na ceisteanna a luaigh tusa "cad é an teangaidh lenar tógadh thú?", agus "an dtuigeann tú a n-insíthear ar Raidió na Gaeltachta" ní bheinnse san áireamh sa chomhaireamh agus maidir leis an dara ceist ní de bharr easpa Gaeilge :D Ach tuigim céard tá i gceist agat agus nach iontu siúd ach cur i gcás. Sin ráite smaoineamh maith - fógraíocht saor in aisce do RnaG sa chéad daonáireamh eile agus beidh ainm an stáisiún os chomhair "na sluaite móra" :D

Go raibh maith agaibh as bhur n-inchur!
Roseanne