Dé Céadaoin, Nollaig 03, 2008

Buntáiste Breise na Gaeilge!











Inné i Halla na Saoirse, i mBaile Átha Cliath, d’fhreastail ceithre chéad dalta ó iar-bhunscoileanna ar fud chathair Átha Cliath ar ócáid darbh ainm, 'Buntáiste Breise na Gaeilge' a bhí eagraithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

'Buntáiste Breise na Gaeilge' a bhí mar théama ar an seimineár agus labhair pearsana móra le rá faoin mbuntáiste breise a thugann an Ghaeilge dóibh agus iad ag dul i mbun a ngairmeacha beatha.

Bhí Róisín Ní Eadhra ina cathaoirleach ar an ócáid seo, agus i measc na n-aoinchainteoirí a labhair ag an ócáid, bhí láithreoir 'Paisean Faisean' Bláthnaid Ní Dhonnchadha, chomh maith leis na réaltaí teilifíse agus raidió Gemma Ní Chionnaith agus Sinéad Ní Loideáin. Labhair Meadhbh Ní Eadhra, scríbhneoir óg a bhuaigh duais i ngradaim liteartha an Oireachtais i mbliana, chomh maith le Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir an Stáisiúin Raidió na Life.

Bhí Síne Nic an Ailí, Oifigeach Forbartha le Conradh na Gaeilge agus Aonghus Dwane ó Choláiste na Tríonóide, i láthair chomh maith agus iad ag míniú don lucht éisteachta cén chaoi ar bhain siad na poist éagsúla atá acu amach, agus an tionchar a bhí ag an nGaeilge ar an bpróiseas sin.

Cuireadh fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus ghlac siad páirt i ndíospóireacht bríomhar tar éis do na hAoichainteoirí labhairt. Bronnadh duais do chúrsa seachtaine i gColáiste UISCE, Maigh Eo ar Briain Mac Giolla Phádraig ó Phobalscoil Chillian as ucht an cheist is fhearr a chur.



Labhair na haoichainteoirí go spreagúil, spleodrach, agus bhí an-spéis ag an lucht éisteachta ina bhí le rá acu, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo. Labhair ionadaithe ó roinnt institiúidí tríú leibhéal chomh maith, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Tugadh an deis do na scóláirí tuilleadh eolais a fháil faoi na cúrsaí gurbh suim leo iontu ag na seastáin margaíochta a bhí ag cuid mhaith de na hinstitiúidí triú leibhéal agus ag roinnt eagraíochtaí Gaeilge, balleagraíochtaí na Comhdhála cosúil le Colaiste na bhFiann, Conradh na Gaeilge, Gaelscoileanna agus Gael Linn ina measc.

No comments: