Déardaoin, Nollaig 11, 2008

Athchuimhne ar bhliain den scoth!












Ba mhaith le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge buíochas a ghabháil le gach duine a d’fhreastal ar an ócáid ‘Deoch na Nollag’ a reáchtáladh an oíche aréir i gceannáras na Comhdhála



Oíche spraíúil bríomhar a bhí ann agus bhí sé go h-iontach labhairt lenár gcairde ón gciorcal comhrá, ó na heagraíochtaí Ghaeilge go léir agus lenár gcairde dílse a thug tacaíocht dúinn le linn na bliana.

Bliain rathúil a bhí ann don gComhdháil agus bhíomar gnóthach ó thús na bliana ag eagrú Tóstal Na Gaeilge a bhí ar siúl i nGaillimh i mí Feabhra. Fíorú na Físe a bhí mar théama ar an Tóstal i mbliana agus ba é Plean 2028-Plean Straitéiseach na Gaeilge a bhí faoi chaibidil ag an ócáid. Fuaireamar go leor moltaí agus thugadar sin léargas suntasach dúinn ar thuairimí phobal na Gaeilge i leith todhchaí na teanga.

Agus bhí an cuma ar an scéil nach raibh na seastáin agus póstaeir bainte síos againn faoin am go rabhamar ag tabhairt aghaidh arís ar chontae na Gaillimhe don chéad chéim do Thuras na Filí- an clár malartaithe cultúir idir Éirinn agus Albain agus chuireamar fáilte roimh Bille Innes, Maletta NicPhàil, Màiri Nic Ille Mhaoil agus Angus Mac Neacai ón Alban .
Chuaigh na filí agus ceoltóirí ar chamchuairt timpeall Chonamara, agus críochnaigh an chuairt i mBaile Átha Cliath, le dhá oíche mhóra ceoil agus filíochta agus chas siad le filí mór le rá ó Éirinn ar nós Máire Holmes, Nuala Ní Chonchúir agus Colette Nic Aodha.

Ach fuair na cuairteoirí Albanacha blas binn ar ghnéithe eile de shaol na Gaeltachta nuair a chuadar ag treabhadh na dtonn ar báid seol traidisiúnta ar chósta Chonamara agus fuaireadar an deis cúpla steip ar an sean-nós a fhoghlaim chomh maith. Ní haon ionadh mar sin gur fhilleadar ar ais go hÉireann níos déanaí sa bhliain chun na steipeanna sin a chleachtadh ag an Oireachtas I gCorcaigh i Mí na Samhna agus ag Féile Phíobaireachta William Kennedy in Ard Mhacha!


Buaicphointe eile na bliana ná Buntáiste Breise na Gaeilge- seimineár eolais a d’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge do dhaltaí iar-bhunscoile. Reáchtáladh an chéad bhabhta i nGaillimh ag Tóstal na Gaeilge i mí Feabhra agus fuarthas an méid aiseolais iontach ina leith gur thuigeamar go raibh éileamh ann dá leithead agus shocraíomar ceann eile I Halla na Saoirse I Mí na Nollag. D’fhreastail os cionn 600 dalta ag an dá ócáid agus labhair aoichainteoirí ar na buntáistí a thug an Ghaeilge dóibh agus iad ag tosnú amach ar an ngairmeacha beatha.

Lean an Chomhdháil ag déanamh stocaireachta ar son earnáil na Gaeilge, balleagraíochtaí na Comhdhála agus ar son cainteoirí I mbliana, seoladh aighneachtaí isteach ag rannaí stáit agus comhlachtaí poiblí, cuireadh os cionn 31 aighneacht isteach ag údaráis Phleanála mar gheall ar iarratais pleanála sa Ghaeltacht agus seoladh 19 aighneachtaí chuig comhlachtaí poiblí a bhí ag ullmhú dréachtscéimeanna faoin Acht teanga agus léirigh an Chomhdháil tacaíocht don bhfeachtas Acht Teanga a bhaint amach i dTuaisceart Éireann.

Idir an dá linn seoladh 26 eagrán den nuachtlitir EOLAS! ag os cionn 4,800 síntiúsóir, seoladh amach 12 eagrán den nuachtlitir Cogar atá dírithe ar chraoltóirí raidió le Gaeilge agus d’éirigh linn na mílte nuachtáin a léamh le gach alt faoin Gaeilge a aimsiú sna nuachtáin agus seoladh amach an achoimre laethúil ag 1,400 bosca ríomhphoist gach lá i 2008!

Bhí ardú ollmhór ar trácht ar an suíomh gréasáin http://www.gaelport.com/ chomh maith agus cuireadh os cionn 1540 scéal nuachta ar an suíomh i 2008 gan trácht ar an méid scéalta a cuireadh suas faoi imeachtaí i Féilire na Gaeilge agus ar na folúntais reatha i saol na Gaeilge a fógraíodh ar an suíomh chomh maith. Táimid ag déanamh athchóiriú ar an suíomh agus ar sheirbhísí eolais agus bí linn i 2009 nuair a seolfar suíomh gréasáin úr- nua, nua-aimseartha agus snasta!

Nollaig Shona faoi shéan agus faoi mhaise duit ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge!

No comments: