Dé Céadaoin, Eanáir 07, 2009

Athbheithniú na Gaelscolaíochta ó thuaidh - cruinniú

Beidh cruinnithe ar siúl an tseachtain seo ar Athbhreithniú ar an Ghaelscolaíocht atá ar bun ag an Roinn Oideachais sna Sé Chontae ina dtabharfar deis do thuismitheoirí, do mhúinteoirí, do ghobharnóirí agus do dhaoine eile a dtuairim a nochtadh faoin tuarascáil.

Inniú beidh cruinniú ar siúl in The Gresham Hotel, Baile Átha Cliath - 2pm-6pm



Tá POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge ag moladh do ghach duine a bhfuil suim aige i bhforbairt na Gaelscolaíochta, freagra scríofa a chur chuig an Roinn Oideachais i dtaca leis an Athbhreithniú ar an Ghaelscolaíocht.

Dúirt Janet Muller, príómhfheidhmeannach POBAL, 'Tá tábhacht lárnach ag an Ghaelscolaíocht i chur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh. An tseachtain seo an seans deireanach do phobal na Gaeilge tionchar i imirt ar mholtaí na Roinne don Ghaelscolaíocht. Druideann próiseas comhairliúcháin na Roinne Dé Sathairn 10 Eanáir. Caithfear a aithint go bhfuil moltaí i gcáipéis na Roinne a dtiocfadh leo aghaidh na Gaelscolaíochta a athrú go bunúsach, ag leibhéal na réamhscolaíochta, na bunscolaíóchta agus go háirithe ag leibhéal na hiar-bhunscolaíóchta. Tá sé thar a bheith tábhachtach tionchar a imirt ar an phróiseas comhairliúcháin.
Tá dréacht fhreagraí ar an fhoirm comhliúcháin atá ar fáil ag an nasc thíos (Suiomh An Roinn Oideachais - http://www.deni.gov.uk/):



Is moltaí iad atá bunaithe ar chomhairle agus tuairimí choiste POBAL.

Cuir d’aighneacht chuig:
IMIE@deni.gov.uk
Nó:

Roinn an Oideachais,
Teach Rath Gael,
43 Bóthar Bhaile Aodha,
Beannchar
BT19 7PR

No comments: