Showing posts with label Olltoghchán. Show all posts
Showing posts with label Olltoghchán. Show all posts

Dé Máirt, Feabhra 27, 2007

Réidh le tosú

Tá an halla ag líonadh suas, tá na cainteoirí anseo agus táimse réidh le blogáil. Bígí ag déanamh tráchtaireachta má ritheann aon ní libh.

Dé Céadaoin, Feabhra 21, 2007

Na nithe atá bainte amach

Ní raibh mé i bhfad ag obair i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge nuair a reachtáladh Tóstal na Gaeilge 2002: Cearta Phobal na Gaeilge agus Olltoghchán 2002 ach ag an am agus ó shin chuaigh sé i bhfeidhm orm cé chomh éifeachtach is a bhí cur chuige na Comhdhála agus pobal na Gaeilge nuair a d'aontaigh siad na héilimh is mó a bhí acu ar na hiarrthóirí toghcháin. Scríobh stiúrthóir gníomhach na Comhdhála, Pádraig Ó Ceithearnaigh an t-alt seo a leanas mar athbhreithniú ar na nithe a bhaineadh amach de bharr éilimh phobal na Gaeilge. Foilsíodh ar Beo.ie é agus tá sé le léamh in Irish Times an lae inniu freisin.

'Bíodh do ghuth le cloisteáil': ó Beo.ie

"Agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag reáchtáil comhdhála ag deireadh na míosa seo chun deis a thabhairt do phobal na Gaeilge moltaí agus éilimh a chur faoi bhráid na bpolaiteoirí, féachann Pádraig Ó Ceithearnaigh, stiúrthóir na heagraíochta, ar na nithe ar fad atá bainte amach don Ghaeilge le dhá bhliain déag anuas."

Dé hAoine, Feabhra 16, 2007

Suíomh na Gaeilge

Agus eolas á bhailiú faoina bpáirtithe polaitiúla uile, thug mé cuairt ar a suíomhanna idirlíne féachaint an raibh polasaí i leith na Gaeilge foilsithe acu ar a suíomhanna. B'fhiú bheith cinnte go bhfuil tuiscint maith againn ar meonta na bpolaiteoirí ar an 27ú. (Bhí mé ar tí meon a scríobh ach sin an uimhir uatha... :D)

Seo mar a sheasann rudaí (in ord aibítir)
An Comhaontas Glas - cé go dtugtar "The Green Party/ An Comhaontas Glas" orthu féin síos tríd an suíomh in iomlán, níl, de réir an tsuímh, polasaí ar leith faoin nGaeilge ag an bpáirtí seo. Tháinig mé ar an abairt seo mar chuid den bpolasaí Ealaíon agus Cultúr "Supporting traditional arts and arts/culture/heritage ventures in languages other than in English is seen by the Green Party as part of an Arts Council Brief to support and sustain cultural diversity. As we believe that the Irish Language is central to Irish identity we recommend that the Department of the Gaeltacht should have a separate department too."

Fianna Fáil - Cé go bhfuil Gaeltacht Affairs le feiceáil ar an líosta polasaithe nuair a bhuailtear isteach ann níl aon polasaí leagtha amach - níl ann ach liosta preas ráitisí agus foilsíodh an ceann deireanach i Mí na Samhna seo chaite.

Fine Gael - Arís tá cuid ar leith den suíomh ina féidir polasaithe an pháirtí a scrúdú agus áit ar leith den Ghaeilge. Ach nuair a dhíritear isteach ar Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta is preas ráitis atá ann arís in ionad cáipéis polasaí. Agus is i Mhí Bealtaine 2006 a foilsíodh an ráiteas deireanach faoin nGaeilge...

An Páirtí Daonlathach - Cé go bhfuil mír ar leith ar an suíomh seo faoi polasaithe ní raibh mise abalta teacht ar aon pholasaí i leith na Gaeilge.

Páirtí an Lucht Oibre - ní raibh mé abalta teacht ar aon ní faoin nGaeilge ar an suíomh. Rós mór dearg don té a chuireann sa treo ceart mé.

An Páirtí Sóisialach - ditto ach corrán in ionad rós mar dhuais.

Sinn Féin - An t-aon suíomh le rogha Gaeilge nó Béarla. Tá mír ar leith ann do pholasaithe agus do "Teanga agus Cultúr na hÉireann" ina bhfaightear achoimre ar a bpolasaithe agus na polasaithe in iomlán.

Déardaoin, Feabhra 15, 2007

09.15 Clárú & Cupán Tae


Creideann an Chomhdháil go mór sa seanfhocal "Tús maith leath na hoibre" agus mar sin beifear ag cúr tús le himeachtaí an lae le cupán tae. Chomh maith leis sin beidh lón eadrom ar fáil díreach roimh Seisiún na bPolaiteoirí, rud a chiallaíonn go mbeidh iad siúd a bhfuil faoi brú ama nó oibre inann freastal ar an seisiún lóin amháin agus difríocht a dhéanamh. GheofarDréachtchlár an Lae ar Gaelport.com

But, are you happy?


Sin an ceist a chur clár fógraí ar thaobh na bóithre orm ar maidin. Cuid de feachtas fógraíochta Pháirtí an Lucht Oibre agus muid ag druidim níos gaire le olltoghchán chuile lá (ar eagla go bhfuil dearmad déanta agat...!). Bhuel caithfidh mé rá gur chuir sé droch spion ceart orm ar maidin! Ceann de na cúiseanna is mó díomá atá orm féin le cúpla bliana anuas ná cé chomh deacair is atá sé clann a thógáil le Gaeilge. Roimh ar rugadh iad níor thuig mé an dúshlán a bhí romhaim. Labhraim Gaeilge an chuid is mó den lá, bímse ag smaoineamh i nGaeilge an-chuid is ar éigean go mbím ag taibhreamh i nGaeilge!

Agus in ainneoin an sár-obair atá ar siúl ag a leithéid de Comhluadar (féach m.sh. deireadh seachtaine atá beartaithe acu i mí Mhárta. Tuilleadh eolais eolas@comhluadar.ie nó 01 6715116) is é an bhunfhadhb atá agamsa ná ní chaithim a dhóthain ama leis na gasúir agus nuair atá mamailíneach ar tí titim síos staighre déanfaidh tú cinnte go dtuigtear thú agus is cuma céard iad do phrionsabail!

Is cuimhin liom nuair a bhíomar ag cuardach créche dóibh, dúradh linn in áit amháin gur créche dá-theangach a bhí ann. Léim mo chroí! "Céard iad na dteangacha?" a d'iarr mé. "Béarla agus Fraincís," a dúradh liom.

Mar sin ceann de na ceisteanna a gcuirfidh mise ar na hiarrthóirí ar 27 Feabhra ag an gComhdháil Lae ná conas a gcabhróidh sibh liomsa clann a thógáil le Gaeilge?

Dé Céadaoin, Feabhra 14, 2007

Páidí i mbun na gCeisteanna


Beidh Páidí Ó Lionáird láithreoir aitheanta Seacht Lá agus Ardán TG4 sa chathaoir do sheisiún na bpolaiteoirí ag an gComhdháil Lae atá a eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, in Óstán Alexander, Baile Átha Cliath 2, ar an 27 Feabhra 2007.

Dé Máirt, Feabhra 13, 2007

Nocht bhur dtuairimí, inis dúinn bhur mianta!

Mar sin nocht bhur dtuairimí, inis dúinn bhur mianta! Céard faoin nGaeilge ar scoil? Ar chóir geallúint a fháil ó na h-iarrthóirí i leith acmhainní scoile? Nó céard faoin nGaeilge taobh amuigh den seomra ranga? Céard is féidir leis na polaiteoirí a dhéanamh chun tacaíocht a thabhairt dóibh siúd gur mhaith leo a nGaeilge a chothú tar éis a n-iarbhunscolaíocht?
Nó céard faoi cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht?
Agus cúrsaí craolacháin agus Bille Craolacháin ag gabháil tríd an Oireachtas faoi láthair?
So let's hear what you think, tell us what you want! What about Irish in school? Should we extract promises from the candidates about school resources? Or what about Irish beyond the classroom? What can the politicians do to support those who want to develop their Irish after post-primary?
What about planning issues in the Gaeltacht?
And broadcasting issues while a broadcasting bill makes its way through the Oireachtas?

An Ghaeilge & Do Vóta/ Your Language, Your Vote

Tá comhdháíl lae á n-eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, lárchomhairle phobal na Gaeilge chun éisteacht a thabhairt d'éilimh phobal na Gaeilge roimh Olltoghchán 2007. Beidh an chomhdháil seo ar siúl in Óstán Alexander, BÁC 2, 27.02.2007 ag tosú ag 9.15.
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, the central steering council for the Irish Language Community, are organising a day-long conference to give voice to the wishes of the Irish Language Community before the General Election 2007. This conference will take place in the Alexander Hotel, Dublin 2, 27.02.2007, kicking off at 9.15.

Cheana féin tá sé deimhnithe ag an tAire Ó Cuív T.D. Fianna Fáil; Trevor Sargent T.D. An Comhaontas Glas; Donncha Mac Fhionnlaoich T.D. Fine Gael; Brian O'Shea, T.D. Páirtí an Lucht Oibre; Aenghus Ó Snodaigh T.D. Sinn Féin; Joe Higgins T.D. An Páirtí Sóisialach agus an Comhairleoir Cáit Keane, An Páirtí Daonlathach go mbeidh siad i láthair thar ceann a bpáirtithe.
It has already been confirmed that Minister Ó Cuív T.D. Fianna Fáil; Trevor Sargent T.D. The Green Party; Donncha Mac Fhionnlaoich T.D. Fine Gael; Brian O'Shea T.D., Labour Party; Aenghus Ó Snodaigh T.D. Sinn Féin; Joe Higgins T.D. Socialist Party, and Councillor Cáit Keane, Progressive Democrats, will be in attendance, representing their respective parties.

Clúdófar réimse leathan d'ábhair ag an gComhdháil Lae agus i measc na gcainteoirí eile a bheidh ann tá An Dr. John Walsh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Janet Muller, Príomhfheidhmeannach Pobal, Donncha Ó hÉallaithe, Airdeall agus ionadaithe ó eagraíochtaí oideachais, óige agus pobail. The one day conference will cover a wide range of topics relating to the Irish language. Dr. John Walsh, NUI Galway; Janet Muller, Chief Executive of Pobal; Donncha Ó hÉallaithe, Airdeall and representatives from educational, youth and community organisations will also address the conference.

Clár iomlán ar fáil anseo/ Complete programme available here

Ach tuigtear dúinn nach mbeidh sé ar chumas chuile dhuine gur spéis leo an Ghaeilge a bheith i láthair ar an lá agus mar sin tá mise, thar ceann na Comhdhála, ag cur tús le plé ar an ábhar seo ar an mblag seo agus ar www.politics.ie

However we know that not everyone who is interested in the Irish Language will be able to make it on the day and so I am, on behalf of An Chomhdháil, kicking off a discussion on this subject on this blog and at www.politics.ie
Ar an lá cuirfear ceist nó dhó ar gach ábhar ón bplé ar líne. Tá súil againn dá bharr go dtabharfaidh sé seo deis do chách a dtuairimí a nochtadh. Tá mé ag súil go mbeidh mé inann beo-bhlagáil a dhéanamh anseo ón gcomhdháil ar an lá freisin.
On the day one or two questions will be asked from the online discussion on each topic. We hope therefore that this will give everyone a chance to get their voices heard. I also hope that I will be able to liveblog here from the conference on the day too.

Agus má tá aon amhras ann faoin éifeacht a bhaineann leis an bpróiséas seo ní fiú ach an t-alt seo le Pádraig Ó Ceithearnaigh a léamh
And if there's any doubt about the efficacy of this process, look no further than Pádraig Ó Ceithearnaigh's recent article for Beo.ie