Dé hAoine, Meán Fómhair 14, 2007
Agus Cathair na Mart abú leis!
Déardaoin, Meán Fómhair 06, 2007
Contae an Mheirge abú!
An é go bhfuil níos mó eolais i gcoitinne faoin Acht Teanga agus a tionchar ar an nGaeilge? An é go bhfuil pobal na Gaeilge i gCo. an Chláir níos gníomhaí? Ábhar taighde measaim...
(Contae an Mheirge???)
Dé Máirt, Márta 06, 2007
Comhghairdeagas tuillte ag bean eile
Is í Mairéad eagarthóir coimisiúnaithe ar chláir Ghaeilge, oideachasúla agus ilchultúir in RTÉ. Is í a bhunaigh "Léargas" agus bhí sí ina léiritheoir sraithe ar an tsraith fáisnéise Ghaeilge sin, a cheiliúir deich mbliana ar an aer i mbliana. Tá cláir shiamsaíochta agus cláir eile fáisnéise léirithe aici chomh maith i mBéarla agus i nGaeilge. Mar chuid dá cúram cláir a sholáthar gach bliain do TG4, tá sraitheanna ar nós "An Tuath Nua," "Bean an Ti," "Bia 's Bóthar," "Ardán" agus go leor clár eile curtha ar fáil, lena n-áirítear cúrsaí reatha, cláir spóirt, cláir irise agus cláir do leanaí. Ba í freisin a choimisúnaigh cláir ilchultúir faoi Éireannaigh nua agus cláir oideachais do RTÉ, mar shampla "Turas Teanga," "Families in Trouble," "Mono," "Who's Afraid of Islam?" agus "No Place Like Home."
Is as Bealach an Doirín, Co. Ros Comáin í ó thús agus bhí cónaí uirthi tar éis na hollsoile i nGaillimh, áit a raibh sí ina comhalta de lucht bunaithe an Druid Theatre agus ina haisteoir leis an Taibhdhearc. Nuair a bhí sí in OÉ Gaillimh (Coláiste na hOllscoile, Gaillimh ag an am), bhí sí ar dhuine de na chéad reachtairí mná ar an gCumann Liteartha agus Díospóireachta (Lit and Deb).
I mBaile Átha Cliath atá sí anois ach choinnigh sí an tsnaidhm leis na healaíona i nGaillimh, trína ballraíocht i mBord Macnas, agus tá sí ina ball freisin de Bhord Feidhmiúcháin an Celtic Film and Television Company.