Ábhar iontais dom Comhdháil Náísiúnta na Gaeilge a bheith cáinte in eagarfhocal Lá Nua 18 Iúil toisc go bhfuil muid - mar lárchomhairle 23 eagras deonach Gaeilge - ag seasamh an fhóid maidir le feidhmiú iomlán Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas.
Más "dearcadh stálaithe seanfhaiseanta" atá léirithe againn san obair seo, níor mhaith liom an léirmheas a ndéanfaí orainn dá dtabharfadh muid droim láimhe le feidhmiú an Achta a shamhlú!Molann Lá Nua éirí as fógraí Gaeilge sna meáin Bhéarla - rud ab ionann i gcoitinne agus an Ghaeilge a ruaigeadh ar fad as a bhformhór - agus gur sna meáin Ghaeilge amháín a bheadh fógraíocht trí Ghaeilge.
Céard faoi sin mar bhealach chuig normalú na teanga - an Ghaeilge a chúngú isteach ina 'ghetto' beag féin? Agus táimid ag iarraidh ag an am céanna ar gach rannóg den Státchóras seirbhís iomlán Ghaeilge a chur ar fáíl dúinn; ní thagann atá molta ag Lá Nua leis an aidhm sin. Ba mhaith linn uilig nach gcuirfí airgead Stáit amú agus aontaimid nach bhfuil a leordhóthain á chaitheamh ar an dóigh ceart ar athréímniú na Gaeilge. Tacaímid uilig le mian Lá Nua agus na meáin Ghaeilge eile go bhfaighidis sciar níos fearr den airgead atá le caitheamh ag an Stát ar fhograí ach níl ciall lena atá molta san eagarfhocal seo.
Tagrann an t-eagarfhocal do na meáin Bhéarla "a bhíonn de shíor ag ionsaí phobal na Gaeilge faoi stádas na teanga" ach tagann go leor soncanna freisin ó na meáin Ghaeilge ar uaire agus ní miste sin ar mhaithe le díospóireacht agus daonlathas - agus, ar ndóigh, ainilís chiallmhar a dhéanamh ar na "hEilifint Bhána" uilig.
Beir bua
P T Mac Ruairí
Uachtarán
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Showing posts with label Northern Ireland. Show all posts
Showing posts with label Northern Ireland. Show all posts
Déardaoin, Iúil 19, 2007
Eilifint Mhór sa seomra
Agus Uachtaráin na Comhdhála P T Mac Ruairí ag tagairt den alt "Cúlú ón Acht" i bhí in Eolas@Gaelport.com nuachtlitir na Comhdhála ar an Máirt (17.07.2007) agus an eagarfhocal a scríobhadh ina leith i Lá Nua ar an gCéadaoin, "Ná chothaítear an 'Eilifint Bhán'" bhí an méad seo le rá aige:
Dé Máirt, Feabhra 27, 2007
Réidh le tosú
Tá an halla ag líonadh suas, tá na cainteoirí anseo agus táimse réidh le blogáil. Bígí ag déanamh tráchtaireachta má ritheann aon ní libh.
Lipéidí:
campaign,
community,
Education,
feachtas,
Gaeilge,
gaeltacht,
General Election,
Irish Language,
Northern Ireland,
Oideachas,
Olltoghchán,
pobal,
Polaitíocht,
Politics,
Vóta,
Vote
Dé Céadaoin, Feabhra 21, 2007
Splintered Sunrise: Béalbochtachas Próvach
Is fiú go mór léargas an bhlagadóir seo ar ceist Acht Teanga sa Tuaisceart. Cé go bhfuil sé greannmhar tá cúpla pointe maith á dhéanamh aige:Splintered Sunrise: Béalbochtachas Próvach "This is rather revealing of how the peace process works. At the St Andrew’s talks, in exchange for agreeing to whatever Big Ian demanded, the Provos were fobbed off with various small commitments from the Brits, the most visible of which was the promise of legislation to give Irish some sort of official recognition – the details remain vague. There’s nothing wrong with that. It should be a basic democratic position that Irish should get no less official support than Welsh does. And it’s basically a feelgood measure – it gives nationalists the illusion of having their identity recognised without undermining the basis of the Northern statelet. (“Parity of esteem” is the Humespeak term, now widely adopted by all sorts of people.)"
Dé hAoine, Eanáir 05, 2007
YouTube - Cás Mháire agus Acht na Gaeilge
YouTube - Cás Mháire agus Acht na Gaeilge Agus neart faoi Acht na Gaeilge don Tuaisceart.
Lipéidí:
community,
Gaeilge,
Irish Language,
Northern Ireland,
pobal
Subscribe to:
Posts (Atom)