
Ó Oireachtas 07
An Blag de chuid Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
![]() |
Ó Oireachtas 07 |
Ábhar iontais dom Comhdháil Náísiúnta na Gaeilge a bheith cáinte in eagarfhocal Lá Nua 18 Iúil toisc go bhfuil muid - mar lárchomhairle 23 eagras deonach Gaeilge - ag seasamh an fhóid maidir le feidhmiú iomlán Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas.
Más "dearcadh stálaithe seanfhaiseanta" atá léirithe againn san obair seo, níor mhaith liom an léirmheas a ndéanfaí orainn dá dtabharfadh muid droim láimhe le feidhmiú an Achta a shamhlú!Molann Lá Nua éirí as fógraí Gaeilge sna meáin Bhéarla - rud ab ionann i gcoitinne agus an Ghaeilge a ruaigeadh ar fad as a bhformhór - agus gur sna meáin Ghaeilge amháín a bheadh fógraíocht trí Ghaeilge.
Céard faoi sin mar bhealach chuig normalú na teanga - an Ghaeilge a chúngú isteach ina 'ghetto' beag féin? Agus táimid ag iarraidh ag an am céanna ar gach rannóg den Státchóras seirbhís iomlán Ghaeilge a chur ar fáíl dúinn; ní thagann atá molta ag Lá Nua leis an aidhm sin. Ba mhaith linn uilig nach gcuirfí airgead Stáit amú agus aontaimid nach bhfuil a leordhóthain á chaitheamh ar an dóigh ceart ar athréímniú na Gaeilge. Tacaímid uilig le mian Lá Nua agus na meáin Ghaeilge eile go bhfaighidis sciar níos fearr den airgead atá le caitheamh ag an Stát ar fhograí ach níl ciall lena atá molta san eagarfhocal seo.
Tagrann an t-eagarfhocal do na meáin Bhéarla "a bhíonn de shíor ag ionsaí phobal na Gaeilge faoi stádas na teanga" ach tagann go leor soncanna freisin ó na meáin Ghaeilge ar uaire agus ní miste sin ar mhaithe le díospóireacht agus daonlathas - agus, ar ndóigh, ainilís chiallmhar a dhéanamh ar na "hEilifint Bhána" uilig.
Beir bua
P T Mac Ruairí
Uachtarán
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
out here in front of a tiny audience
of halfhearted seals applauding
Ní féidir argóint leis sin!"Caithfear anailís a dhéanamh ar áit na Gaeilge i saol an ghasúir, agus ar na bealaí a mhéadófaí ar thábhacht na Gaeilge dó. Cuirimis an cheist orainn féin, cén fáth an bhfoghlaimeodh Éireannach (óg nó aosta) teanga?
Cén fáth an gcuirfeadh Éireannach dua air an teanga sin a fhoghlaim go maith? Más féidir saol iomlán Éireannach a chaitheamh trí Bhéarla, cén chúis a bheadh ag duine le Gaeilge in aon chor? Níl aon chúis ann, muna bhfuil nithe ar fáil sa teanga sin nach bhfuil ar fáil i mBéarla.
Agus cad iad na nithe san? Is cinnte go bhfuil saibhreas sa Ghaeilge a bhaineann go dlúth le hÉirinn nach bhfuil ar fáil (fós) i mBéarla. Tá na hamhráin ann, agus is beag baile beag in Éirinn nach bhfuil luaite in amhrán éigin.
Tá na seanscéalta ann, scéalta as an tseanlitríocht (an Rúraíocht, an Fhianaíocht, Scéalta na Ríthe, agus mar sin de) agus scéalta béaloidis. Arís, is beag baile beag in Éirinn nach bhfuil luaite i scéal éigin. Agus sin é ár mbua: is í an Ghaeilge seanteanga bhunaidh na hÉireann, is inti atá cur síos le fáil ar ár stair, ar ár muintir, ar ainmneacha ár mbailte, ár n-aibhneacha is ár sléibhte. Is í bunteanga na tíre seo í." Ó Lá 29.06.2007
Is í Mairéad eagarthóir coimisiúnaithe ar chláir Ghaeilge, oideachasúla agus ilchultúir in RTÉ. Is í a bhunaigh "Léargas" agus bhí sí ina léiritheoir sraithe ar an tsraith fáisnéise Ghaeilge sin, a cheiliúir deich mbliana ar an aer i mbliana. Tá cláir shiamsaíochta agus cláir eile fáisnéise léirithe aici chomh maith i mBéarla agus i nGaeilge. Mar chuid dá cúram cláir a sholáthar gach bliain do TG4, tá sraitheanna ar nós "An Tuath Nua," "Bean an Ti," "Bia 's Bóthar," "Ardán" agus go leor clár eile curtha ar fáil, lena n-áirítear cúrsaí reatha, cláir spóirt, cláir irise agus cláir do leanaí. Ba í freisin a choimisúnaigh cláir ilchultúir faoi Éireannaigh nua agus cláir oideachais do RTÉ, mar shampla "Turas Teanga," "Families in Trouble," "Mono," "Who's Afraid of Islam?" agus "No Place Like Home."
Is as Bealach an Doirín, Co. Ros Comáin í ó thús agus bhí cónaí uirthi tar éis na hollsoile i nGaillimh, áit a raibh sí ina comhalta de lucht bunaithe an Druid Theatre agus ina haisteoir leis an Taibhdhearc. Nuair a bhí sí in OÉ Gaillimh (Coláiste na hOllscoile, Gaillimh ag an am), bhí sí ar dhuine de na chéad reachtairí mná ar an gCumann Liteartha agus Díospóireachta (Lit and Deb).
I mBaile Átha Cliath atá sí anois ach choinnigh sí an tsnaidhm leis na healaíona i nGaillimh, trína ballraíocht i mBord Macnas, agus tá sí ina ball freisin de Bhord Feidhmiúcháin an Celtic Film and Television Company.