Dé Máirt, Márta 03, 2009
Leagan úr Gaelport 2.0
I ndáiríre níor chóir dom a bheith ag scríobh an bhlag seo in aon chor inniu- tá go leor le déanamh na laethanta seo mar beimid ag seoladh an leagan úrnua do http://www.gaelport.com/ laistigh de choicíse.
Tá neart le déanamh idir téacs a chur suas agus taithí a fháil ar an córas ar chúl. Agus mar is eol daoibh go léir ní bheidh láithreán gréasáin statach i gceist leis-déanfar nuasonrú ar scéalta nuachta, ranganna, imeachatí agus folúntais ar bonn laethúil agus tá súil ag an foireann go mbeidh gach eolas faoin nGaeilge ar fáil ar an suíomh gréasáin seo.
Is leor é sin don lá inniu is dócha!
Dé Céadaoin, Feabhra 25, 2009
irisí clóite ar an dé deiridh?
Cad atá i ndán don bhfoilsitheoireacht chlóite?
Níl an cuma ar an scéal go mbeidh sé láidir go leor amach anseo de réir na dtuairiscí atá foilsithe (aisteach go leor é seo) sna meáin chlóite gach lá.
Nuachtáin seanabhunaithe sna Stáit Aontaithe i mbaol, gearradh siar sna nuachtáin in Éirinn agus deireadh saoil sroichte ag cuid mhaith irisí nua.
Gan amhras i margadh beag na hÉireann tá sé níos deacra marachtaint agus brábús a dhéanamh ar droim phobail sainspéise go háirithe i réimse an cheoil, faisin- rudaí 'fánacha' mar sin. Tá a fhios ag a saol agus a mháthair nach bhfuil an t-airgead sa bhreis -ioncam indiuscartha (disposable income) ag daoine na laethanta seo.
Mar sin bhí spéis agam sa scéal a fhoilsíodh ar State Magazine maidin inniu ar rá go bhfuil iris cheoil eile tithe i léig agus nach mbeidh sé ar fáil ach ar an idirlíon as seo amach. Luaitear irisí eile a bhí ar fáil go dtí le gairid-Foggy Notions, Mongrel, The Event Guide agus State iadféin nach bhfuil foilsithe i gcló a thuillleadh ach mar is léir tá State ar fáil ar an idirlíon anois.
Is mór an trua é sin, chuir na hirisí seo léargas agus dearcadh as an ngnáth ar fáil -cur chuige úr agus óg agus tá an roth ag casadh arís sa choai nach bhfuil ach na hirisí seanbhunaithe, traidisiúnta ar nós Hotpress ar fáil go forleathan sna siopaí anois.
Bhuel conas mar a bhaineann sé seo leis an nGaeilge? Tá plé ar seo ar Blag de chuid Chonchubair Ó Liatháin, iGaeilge fear a bhfuil seantaithí aige ar na méain chlóite agus anois tá an réalta ag ardú sna meáin úra chomh maith, níl daoine sásta le cur chuige ag Comhar agus iad ag déanamh comparáide idir í agus Nós.
Mar a tharlaíonn i saol na Gaeilge go minic in ionad a bheith ag tabhairt amhach faoi foilseacháin eile na leathanta seo b'fhéidir go bhfuo gá anois tacaíocht a léiriú.
mar cé go bhfuil irisí ar nós Comhar agus Foinse ag fáil tacaíocht Stáit anois ní fios go díreach cad atá i ndán dóibh amach anseo, os rud go mbítear ag brath ar spriocphobal beag sainspéise.
ach tá rud amháin soiléir, tá gluaiseacht ann i dtreo an idirlín agus is deacair é sin a sheachaint anois.
caithfimid go léir glacadh leis mar is é sin an bealach cumarsáide is fearr atá againn anois mar phobal Gaeilge.

Dé Máirt, Feabhra 24, 2009
nuachtlitir eile ar an mbealach....
Dé Máirt in oifigí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus bím gafa le eagarthóireacht na nuachtlitreach atá againn EOLAS!
Scaipfear EOLAS! gach coicís ar thart ar os cionn 5,000 síntiúsóirí agus tá sí saor is aice. Tá forbairt as cuimse tagtha ar an nuachtlitreach le dhá bhliain anuas agus dé ghnáth is í an fhadb is mó a bhíonn againn ná ábhar a roghnú in ionad é a bhailliú!
Faighimid eolas ar cláir raidió.cláir teilifíse nua, ranganna gaeilge, feachtais nua atá ag na heagraíochtaí Ghaeilge, Seachtain na Gaeilge agus rudaí mar sin sa bhosca isteach gach lá!
Tá súil againn leagan nua dátheangach a scaipeadh i Mí an Mhárta nuair a seolafar an leagan nua do Gaeport, gaelport 2.0 mar a thug daoine áirithe air....
Ó na hathruithe atá le teacht sa mhí atá romhainn!!!
Beimid i lorg tuairimí na léitheoirí i gconaí! Aon moltaí agat? Dheineamar suirbhé ar líne le déanaí agus tháinig moltaí suntasacha chun cinn ann...
an jab atá romhainn anois ná iad a chur i bhfeidhm!!
Dé hAoine, Feabhra 20, 2009
An Bille Carthanas,2007
Faoi dheireadh thiar thall, tá an Bille seo faoi lámh an Uachtáráin réidh le síniú agus táthar ag súil go achtófar é an tseachtain seo chugainn! (Feabhra,2009!!)
Cad a ciallóidh sé sin sin do eagraíochtaí dheonacha? Bhuel chuaigh beirt ón gComhdháil chuig seimineár a bhí eagraithe ag An Roth (The Wheel) agus curtha i láthair ag Ivan Cooper. Is léir gur dhein an tUasal Cooper go leor oibre ar an ábhar mar bhí se in ann tagairt a dhéanamh do mionsonraí (agus fíor-mionsonraí casta a bhí i gceist) an bhille agus ceisteanna na n-eagraíochtaí deonacha a fhreagairt!
Ní pléifidh mé mionsonraí an bhille anseo ach má tá cheist ag aon duine ó earnáil dheonach na Gaeilge déanfaimid gach iarracht cabhair a thabhairt leo. Go príomh bunófar rialathóir na gCarthanas, beidh ar gach carthanas clárú leis an rialathóir. Leagtar síos sa bhille an mhíniú atá ann ar 'Charitable Purpose' agus tá sé sin leathan go maith ach fágadh grúpaí spóirt agus grúpaí atá ag déanmah abhchóideachta ar son cearta daonna ar lár, rud nach bhfuil an earnáil dheonach ró-shásta faoi ach is léir nach raibh an Roinn GPTG sásta géilleadh ar an gceist seo.
Beidh córas trédhearcach i bhfeidhm agus beidh an pobal in ann tuilleadh eolais a fháil faoi cúrsaí airgeadais sna carthanais mar chuid den bhille beidh rialú ann ar tiomsú airgead tirim agus tiomsú airgead eile ( mar shampla na 'Chuggers' a bhíonn ar sráideanna na tíre ag iarraidh airgid a thiomsú trí dhochar dhíreach (direct debit) Ina theannta sin beidh rialú ar daoine a bhíonn ag déanamh bailliúcháin éadaí agus daoine amhrasacha a mbíonn ag díol cártaí aifrinn agus mar sin de.
Tá an bille féin casta go leor agus tá go leor impleachtaí ann d' eagraíochtaí agus freagrachtaí curtha orthu ach gan amhras cahbhróidh an Bille go leor lena gcás agus beidh múinín ag an pobal as na seirbhísí atá á tairiscint ag carthanais , conas mar a tiomsaítear airgead agus conas mar a riartar iad.
Déardaoin, Feabhra 19, 2009
scéal spéisiúl faoin aistriuchán san Aontas Eorpach
English language interpreters become endangered species
Irish Times
EOIN BURKE-KENNEDY
The English language will soon be deposed as the dominant linguistic force within the European Commission's interpreting services, it was revealed today.
The Commission is set to lose one third of its English language interpreters by 2015 due to retirement and a shortage of new recruits means there will soon be more French, German and even Italian interpreters working within its institutions....................

Although the universities are beginning to produce a steady flow of good candidates for our accreditation tests, as yet the numbers coming on stream are not sufficient to meet present or projected demand, particularly in view of the age pyramid in the English interpreting unit,” it said.
Director of the European Commission Representation in Ireland Martin Territt said: "DG Translation, the Commission's service responsible for translating documentation, is facing a major generational change. It is expected to lose at least 20 per cent of its staff by 2015.”
"At the same time, demand for translation into English has increased 45 per cent over the last five years as 11 new official languages have been adopted by the EU.
"We need the best translators with English as a first language. Irish people are in a unique position to work in a stimulating and rewarding career in a core European Institution," he said

Subscribe to:
Posts (Atom)